9 Iúil 2021, 14:30
Tá sé i gceist ag Seirbhís Thithe an Oireachtais scéim teanga a dhréachtú de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.
Is é bunchuspóir an Achta a chinntiú go mbeidh fáil níos fearr ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeidh na seirbhísí sin ar chaighdeán níos airde.
Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréachtscéime á lorg ag Seirbhís Thithe an Oireachtais ó aon pháirtithe leasmhara.
Is féidir aighneachtaí a sheoladh chuig: achtteanga@oireachtas.ie faoi 5.00pm, an 23 Iúil 2021.
Fiosrúcháin ó na meáin
Verona Ní Bhroinn,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 3881
+353 87 262 4132
verona.nibhroinn@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews