Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foilsíonn an Comhchoiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin a Aighneacht Réamh-Bhuiséid

22 Iúil 2021, 14:05

Tá an Comhchoiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin tar éis a aighneacht Réamh-Bhuiséid chuig an Aire Coimirce Sóisialaí a fhoilsiú inniu.

 

Tá 76 mholadh le haghaidh Bhuiséad 2022 san aighneacht ón gCoiste traspháirtí céanna chuig an Aire, lena n-áirítear:

·       Ardú ar gach ráta íocaíochta leasa shóisialaigh - de mhéid is comhionann le méaduithe ar an gcostas maireachtála.

·       Méadú ar an ráta is iníoctha le Cuardaitheoirí Poist óga atá 18 mbliana – 24 bliana d’aois i mBuiséad 2022, arb é a chuspóir aisiriú iomlán a bhaint amach faoi 2026

·       Síntí le hincháilitheacht le haghaidh Liúntas Breosla, agus méadú ar an tréimhse chun an liúntas breosla a íoc ó 4 seachtaine go 32 sheachtain.

·       Ardú ar an maoiniú le haghaidh Scéim na mBéilí Scoile

·       Méadú ó €165 go €200 ar an ioncam a dtabharfar neamhaird air le haghaidh daoine atá ag fáil na hÍocaíochta Teaghlaigh Aontuismitheora

·       Seirbhís Cothabhála Linbh reachtúil a bhunú chun a chinntiú go ndéanfar cothabháil linbh faoi chomhair chúram an linbh nó na leanaí a bhailiú agus a íoc

·       Go ndéanfar méadú ar an ioncam a dtabharfar neamhaird air le haghaidh na ndaoine atá ag fáil Liúntas Cúramóra go €500 le haghaidh duine aonair, agus go €1,000 le haghaidh lánúine

·       Go ndéanfar athbhreithniú práinneach ar an tástáil acmhainne i gcomhair cúramóirí teaghlaigh mar chuid de Bhuiséad 2022

·       Go ndéanfar na Seirbhísí Fostaíochta Áitiúla agus na Clubanna Post a choimeád ina múnlaí reatha

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Donnacha Ó Neachtain: “Tá an Comhchoiste tiomanta chun a áirithiú go ndéanfar na moltaí atá sa tuarascáil a chur i ngníomh d’fhonn athrú dearfach a dhéanamh ar mhaithe leis na daoine is leochailí sa tsochaí. Tá an Coiste den tuairim go mbeadh tionchar dearfach suntasach ag na moltaí, agus maidir le roinnt mhaith acu, ní thabhóidh an Roinn Coimirce Sóisialaí caiteachas breise suntasach mar gheall orthu.

“Is feidhm thábhachtach d’aon sochaí nua-aimseartha é córas Cosanta Sóisialta atá feidhmiúil agus téagarthach, agus ní foláir don Stát a áirithiú go bhfuil tacaíocht á tabhairt do gach duine a chuireann go mór le sochaí na hÉireann trí obair a dhéanamh sa bhaile, trí thacú le pobail áitiúla agus trí ghníomhú mar chúramóirí teaghlaigh. Ní foláir aitheantas a thabhairt don chaoi ina rannchuidíonn gach duine leis an tsochaí, agus ba chóir cúiteamh a thabhairt do na daoine sin freisin. Ar an mbealach céanna, ní mór spreagadh a thabhairt dóibh siúd atá ag ullmhú chun filleadh ar an áit oibre, agus ba chóir cúnamh a thabhairt dóibh chun obair a fháil is iomchuí dóibh, maidir leis na riachtanais agus na himthosca atá acu.”

Thionóil an Comhchoiste trí chruinniú phoiblí, agus fuair sé 13 aighneacht ó eagraíochtaí leasmhara agus ó phearsanra aonair, mar chuid dá phléití réamh-bhuiséid le haghaidh na tuarascála.

Ghabh an Teachta Donnacha Ó Neachtain buíochas leis na heagraíochtaí leasmhara agus leis na pearsana aonair a rannchuidigh leis na pléití réamh-bhuiséid le linn cruinnithe, nó trí aighneachtaí i scríbhinn a chur isteach. Ghabh sé buíochas leis an Teachta Éamon Ó Cuív, a ghníomhaigh mar rapóirtéir ar an tuarascáil, as an obair chrua a rinne sé, agus as an díograis a léirigh sé i leith an ní seo.

I measc moltaí eile, tá na moltaí seo a leanas:

·        Go ndéanfaidh an tAire plé leis an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide maidir leis an Scéim um Fhuinneamh Níos Fearr, Tithe Níos Teo a shíneadh agus a sholáthar, agus maidir leis an Rátáil Fuinnimh Foirgnimh íosta i leith maoin ar cíos a ardú

·        Ba chóir go ndéanfaí athchóiriú ar na measúnachtaí acmhainne maidir le “Méadú le haghaidh Duine Fásta Cáilithe” le haghaidh pinsinéirí ranníocacha

·        Go ndéanfar na teoireannacha ama do dhaoine atá 55 bliana d’aois agus os a cionn, agus dóibh siúd atá ar scéimeanna Fostaíochta Pobail, a mhaolú

·       Go ndéanfar líon na n-áiteanna ar Scéim Shóisialta na Tuaithe a mhéadú de 1,000

Léigh an tuarascáil ina hiomláine agus na moltaí atá inti anseo

Barr
Roinn