Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seolann an Coiste Oideachais tuarascáil ar Bhulaíocht ar Scoil agus an Tionchar atá aici ar Mheabhair-Shláinte

23 Lún 2021, 12:00

Inniu, seolann an Comhchoiste um Oideachas, Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht an tuarascáil uaidh ar Bhulaíocht ar Scoil agus an Tionchar atá aici ar Mheabhair-Shláinte.

Sa tuarascáil, déanann an Coiste 28 moladh san iomlán, lena n-áirítear 10 moladh ríbhabhachtacha, a gcreideann Comhaltaí gur féidir iad a chur i bhfeidhm gan mhoill agus gur féidir tionchar bunathraitheach a bheith acu ar phobal uile na scoile.

Bhí cruinniú ag an gComhchoiste le hacadúlaigh shinsearacha ón Aonad Taighde agus Acmhainne don Fhrithbhulaíocht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC) an 5 Samhain 2020 chun an tionchar atá ag bulaíocht ar scoil, lena n-áirítear frithbhulaíocht, le linn phaindéim Covid-19, a phlé. Tionóladh an cruinniú tionscnaimh ar an gCéad Lá Idirnáisiúnta in aghaidh an Fhoréigin agus na Bulaíochta ar Scoil, lena n-áirítear an Chibearbhulaíocht, de chuid na Náisiún Aontaithe. Léiríodh go soiléir san fhianaise inchreidte ó bhéal agus sa chúlábhar taighde gur saincheist náisiúnta is ábhar Imní ar ghá é a scrúdú ar bhealach breithnitheach agus íogair an bhulaíocht ar scoil agus an tionchar dá deasca ar mheabhair-shláinte.

D’iarr an Coiste, agus fuair sé, aighneachtaí i scríbhinn ó raon fairsing leas-sealbhóirí agus ansin bhí cruinniú aige le leas-sealbhóirí ríthábhachtacha, lena n-áirítear síceolaithe cliniciúla agus saineolaithe meabhair-shláinte leanaí agus ógánach; ceardchumainn iomchuí; pátrúnachtaí scoile, comhlachtaí  tuismitheoirí agus bainistíochta; an tOmbudsman do Leanaí; an Roinn Oideachais; eagraíochtaí a dhéileálann le cibearshlándáil do leanaí agus daoine óga; agus, go háirithe, daoine óga iad féin.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Pól Mac Eochaidh: “Chuir an Coiste fáilte mhór roimh cháilíocht na fianaise a bhí bunaithe ar fhionnachtanaí cuimsitheacha taighde agus roimh na samplaí machnamhacha maidir le héifeacht dhochrach na bulaíochta ar phearsana aonair. D’fhulaing roinnt daoine óga go mór de dheasca na bulaíochta ar scoil ag a mbeidh iarmhairtí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha de chineál fíor-thromchúiseach.

“Ní háibhéil a rá go bhféadfadh éifeacht a bheith ag bulaíocht ar scoil ar phearsa aonair ar feadh a saoil. D’fhéadfadh éifeacht a bheith aici ar chumas pearsan aonair saol iomlán dearfach a chaitheamh fad a bhíonn said ag iarraidh déileáil le fadhbanna meabhair-shláinte tromchúiseacha agus cailliúint féinmheasa agus fiú an chreidiúint nach bhféadfadh siad saol fiúntach a chaitheamh. Níor chóir go bhfulaingeoidh aon duine é seo, agus ní mór beart láithreach a dhéanamh chun saincheist a réiteach is drochchlú ar an náisiún ar fad.

“D’aithin an Coiste freisin go bhfuil méadú suntastach tagtha ar chibearbhulaíocht mar iarmhairt neamhbheartaithe ar dhul chun cinn sa teicneolaíocht dhigiteach. Taispeántar sa taighde gur méadaíodh ar an gcineál nimhneach bulaíochta seo mar gheall ar phaindéim Covid-19. Ní fhéadfar teacht ar réiteach inmharthana ach amáin trí chultúr ionchuimsitheach cineálta a fhorbairt i bpobail scoile a rachaidh thar éadulaingt bulaíochta go háit inar chuid lárnach d’éiteas na scoile dea-mhearbhair-shláinte agus tacaíocht do mhic léinn.

Is iad príomh-mholtaí an Choiste:

·        Is gá go práinneach Plean Gníomhaíochta ar an Bulaíocht agus Gnásanna Frithbhulaíochta gaolmhara Bunscoile agus Iar-bhunscoile na Roinne Oideachais a iniúchadh agus a nuashonrú de réir na mbeartas láithreach i leith consant leanaí, follaíne, agus Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta, agus iad a thagarmharcáil in aghaidh mholtaí UNESCO maidir le dul i ngleic leis an mbulaíocht agus leis an gcibearbhulaíocht ar scoil arna bhfoilsiú le déanaí.

·        Ba chóir don Roinn Oideachais córas náisiúnta a bhunú le haghaidh sonraí a fhoilsiú maidir le cásanna aonair bulaíochta, leis na cúiseanna atá leo, na bearta a rinneadh chun dul i ngleic leo agus le torthaí na n-idirghabhálacha seo atá á gcur i dtoll a chéile ag scoileanna faoi láthair agus á gcur in iúl dá mBoird Bhainistíochta.

·        Ba chóir bearta Frithbhulaíochta a áireamh i rannán ar leith sna tuarascálacha ón Roinn Oideachais ar Mheastóireachtaí Scoile Uile (WSE) a fhoilsítear ar education.ie, agus ba chóir san am céanna go seolfar Cigearachtaí Frithbhulaíochta ar bhonn rialta agus iad a fhoilsiú chun tuismitheoirí agus foirne scoile a shásamh go bhfuil bearta láidre ar bun ag scoileanna.

·        Ba chóir Comhairliú Mothúchánach agus Tacaí Teiripeacha a sholáthar ar an láthair, de réir mar is gá iad, i ngach bunscoil agus iar-bhunscoil trí Sheirbhís Náisiúnta Síceolaíochta agus Comhairlithe Oideachais (NEPCS) athbhunaithe agus mhéadaithe.

·        Ba chóir go gceapfaí Coimisinéir um Shábháilteacht ar Líne ag a mbeidh cumhachtaí imscrúdaithe agus sainordú oideachais araon, lena n-áirítear an chumhacht chun gearáin a ghlacadh ó phearsana aonair agus iad a imscrúdú.

·        Ba chóir Clár Oiliúna Cibearbhulaíochta agus Sábháilteachta idirlín a sholáthar do gach duine den fhoireann teagaisc.

·        Ba chóir Modúlacha Sainordaitheacha ar leith ar Bhulaíocht ar Scoil, Folláine (lena n-áirítear Athléimneacht agus Éirim Mhothúchánach a Fhorbairt), Uathachas agus Néarai-eagsúlacht, Éagumas, Ciníochas agus Ionchuimsitheacht a sholáthar ar gach cúrsa um Oideachas Tosaigh do Mhúinteoirí (ITE) agus do gach múinteoir bunscoile agus iar-bhunscoile mar chuid dá bhForbairt Ghairmiúil Leanúnach (CPD).

·        Ba chóir poist mheánbhainistíochta, ar acmhainn thar a bheith luachmhair iad do scoileanna maidir le ceannasaíocht éifeachtach a sholáthar chun bulaíocht a chosc agus chun dul i ngleic le hiompar bulaíochta, a chur ar ais ar na leibhéil roimhe seo agus iad a mhéadú nuair a bheidh gá aitheanta ann.

·        Ba chóir Clár nuálach Fuse arna fhorbairt ag Ionad Frithbhulaíochta Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a leathnú amach chuig gach bunscoil agus meánscoil mar eiseamláir dea-chleachtais, ag obair as láimh a chéile leis an Roinn Oideachais chun a chinntiú go soláthrófar leibhéal dóthanach maoinithe agus acmhainní.

·        Ba chóir Cláir Ghrúpa Cairdis Barnardos agus Fréamhacha Ionbhá a leathnú amach mar chláir phíolótacha agus, fad a bheifear á measúnú, ar bhonn náisiúnta, cultúir dhearfacha scoile a chothú augs ionbhá agus éirim mhothúchánach mac léinn a fhorbairt.

Dúirt an Teachta Mac Eochaidh: “Creideann an Coiste dáiríre go bhféadfar na moltaí seo a chur i bfheidhm gan mhoill agus go leanfaidh athrú cultúir claochlaitheach díobh chun nach mbeidh ann ach neamhfhulaingt bhulaíochta amháin, ach go gcothóidh scoileanna éiteas atá go dáiríre ionchuimsitheach.

“Dúirt mé i dtuarascáil roimhe seo gurb iad na daoine óga an todhchaí againn. Creidim gur chóir é seo a rá arís anseo ar bhealach ionbháúil. Tá deimhnithe ag an gCoiste go n-imreoidh sé a ról chun a chinntiú go mbainfidh gach duine óg againn tairbhe as deiseanna oideachasúla saor ó iompar a mbeidh drochthioncar aige ar a meabhair-shláinte agus is cúis anacra, imní, eagla agus tráma dóibh a mbeidh orthu i gcónaí agus iad ina ndaoine fásta.

“Ba chóir go n-aireodh gach mac léinn glactha, sábháilte agus go bhfuil meas orthu. Ní hamháin gur chóir go nglacfar le héagsúlacht ach go gcuirfear fáilte roimpi agus go ndéanfar í a chéiliúradh. Ba chóir do phobail scoileanna éirim an chineáltais agus an chairdis a chóthu a mbreitheofar gurb í an dea-mheabhair-shláinte an rud is tábhachtaí agus an bhunús ar a bhfoghlaimeoidh agus a bhfeabhsóidh gach mac léinn chun a bpóitéinseal a bhaint amach ina iomláine.

Mar fhocal scoir, dúirt an Teachta Mac Eochaidh: “Tá deimhnithe ag an gCoiste a chinntiú go gcuirfear na moltaí seo i bhfeidhm a luaithe is féidir agus tá sé tar éis a iarraidh go mbeidh na saincheisteanna a ardaítear sa tuarascáil seo ina n-ábhar do dhíospóireacht sa dá Theach den Oireachtas. Creidim gur iarraidh thráthúil é seo agus daltaí ag filleadh ar scoil sa bhliain acadúil nua.

Tá an tuarascáil ón gCoiste Bulaíocht ar Scoil agus an Tionchar atá aici ar Mheabhair-Shláinte ar fáil ar shuíomh idirlín an Oireachtais.

14 chomhaltaí atá ar an gComhchoiste um Oideachas, Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht, naonúr acu ón Dáil agus Cúigear ón Seanad. Tá tuilleadh faisnéise faoina chuid oibre ar fáil ar leathanach tiomanta an Choiste.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn