Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Éistfidh an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha agus Cosaint leis an Aire Síomón Ó Comhanaigh

6 MFómh 2021, 15:00

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus Cosaint leis an Aire Síomón Ó Comhanaigh amárach, Dé Máirt an 7 Meán Fómhair chun soiléiriú a fháil maidir leis na saincheisteanna a eascraíonn ó é a bheith i láthair os comhair an Choiste an tseachtain seo caite chun ceapadh toscairí speisialta a phlé.

 

Beidh an cruinniú ar siúl i dTeach Laighean, Seomra Coiste 3 ar 10am.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Cathal Ó Flanagáin TD: Tá ceapadh toscairí speisialta, agus go háirithe na himthosca a bhain le ceapadh Katherine Zappone chun róil toscaire speisialta ina gcúis le go leor conspóide agus díospóireachta le roinnt seachtainí anuas anois.

Cuireann an Coiste fáilte roimh an deis labhairt arís leis an Aire Ó Comhanaigh chun tuilleadh soiléirithe a iarraidh maidir le nithe áirithe a ardaíodh le linn chruinniú na seachtaine seo caite. Beidh deis ag comhaltaí ceisteanna ardú amárach ar an tsaincheist seo sula dtosóidh an Coiste ar an sceideal broidiúil Fómhair atá beartaithe againn.

Breathnaigh ar an gcruinniú beo.

Barr
Roinn