Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste Sláinte chun cruinniú a bheith aige leis an Dr. Tony Holohan agus an Dr. Ronan Glynn le haghaidh nuashonrú ar Covid-19

14 MFómh 2021, 15:11

Beith cruinniú ag an gComhchoiste Sláinte le hionadaithe ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET) agus ón gCoiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh (NIAC) le haghaidh nuashonrú ar Covid-19 i dTeach Laighean, amárach, Dé Céadaoin an 15 Meán Fómhair.

Beidh an cruinniú ar siúl i Seomra Coiste 2 ar 9.30am.

Tiocfaidh an Dr. Tony Holohan, An Príomhoifigeach Leighis; An Dr. Ronan Glynn, An Príomhoifigeach Cúnta Leighis; An tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach an Ghrúpa Comhairleach um Shamaltú Éipidéimeolaíochta agus Cathaoirleach NIAC, an tOllamh Karina Butler os comhair an Choiste go cianda.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Sláinte, Seán Mac Concradha TD: “In ainneoin ghlacadh fairsing na vacsaíne, leanann paindéim Covid-19 de scáil a chaitheamh ar ár saolta. Leanann an líon básanna a fhógraítear ón víreas de bheith ag méadú agus faoi láthair tá breis agus 300 duine san ospidéal lena n-áirítear 55 sna haonaid dianchúraim, de réir sonraí déanacha.

“De réir mar a leantar de na srianta a mhaolú, cuireann an coiste fáilte roimh an idirghabháil thráthúil le NPHET agus NIAC chun na sonraí is nuashonraí a fháil atá ar fáil maidir le leibhéil Covid-19 sa phobal agus maidir le hacmhainneacht an chórais ospidéal agus na n-aonad dianchúraim freagairt don éileamh.

Ba mhaith leis an gCoiste freisin an fhaisnéis is déanaí a fháil maidir le leathnú amach leanúnach chlár vacsaínithe Covid-19, maidir leis na pleananna reatha agus na roghanna i dtaobh instealltaí treiseora vacsaíne agus de réir mar a theanann an geimhreadh linn, maidir leis na pleananna le haghaidh chlár vacsaínithe fliú an gheimhridh.

Is féidir breathnú ar an gcruinniú beo.

Barr
Roinn