Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Iompar agus Cumarsáid chun leathnú amach an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda a phlé

14 MFómh 2021, 14:30

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Iompar agus Cumarsáid amárach, Dé Céadaoin, an 15 Meán Fómhair, chun éisteacht leis an nuashonrú is déanaí maidir le leathnú amach an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.

Éistfidh an cruinniú ar 12.30pm i Seomra Coiste 2 de Theach Laighean ó ionadaithe ó Leathanbhanda Náisiúnta Éireann (NBI): Peter Hendrick, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Bonneagar NBI; T J Malone, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Gníomhaíocht NBI; agus Tara Collins, Príomhoifigeach Margaíochta, NBI.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste an Teachta Ciarán Ó Domhnaill: “Tá leathnú amach an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda ar cheann de na conarthaí is mó agus is costasaí i stair an Stáit. Tá sé ríthábhachtach freisin maidir leis an saol eacnamaíoch agus pobail a fhorbairt ar fud na tuaithe agus gar do limistéir uirbeacha in Éireann. Bhí cruinniú ag an gCoiste le Leathanbhanda Náisiúnta Éireann mí na Samhna seo caite le haghaidh nuashonrú ar an leathnú amach, agus tá roinnt nuashonraithe scríofa faighte againn freisin le míonna beaga anuas.

14 Chomhaltaí atá ar an an gComhchoiste um Iompar agus Cumarsáid, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 2 beo ar Oireachtas TV.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn