Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Chuntais Phoiblí chun scrúdú a dhéanamh ar Ráitis Airgeadais 2020 le FSS

15 MFómh 2021, 15:00

Beidh cruinniú ag an gCoiste um Chuntais Phoiblí (CCP) amárach, Déardaoin, an 16 Meán Fómhair, chun scrúdú a dhéanamh ar Ráitis Airgeadais 2020 de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).

Craolfar an cruinniú ar 9.30am ó Sheomra Coiste 3 de Theach Laighean agus éistfear lena linn leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, Seamus McCarthy, agus, ina dhiaidh sin, le hionadaithe ó FSS arb é Paul Reid, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, a bheidh ina cheannas orthu agus ó ionadaí ón Roinn Sláinte.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Brian de Stainléigh: “Fuair FSS maoiniú €20.3 billiún ón Státchiste in 2020, lena n-áirítear méadú suntasach de mhéid is mó ná €3 bhilliún i gcaitheamh na bliana roimhe sin mar gheall ar Covid-19. Is spéis faoi leith ag an gCoiste scrúdú a dhéanamh ar conas a caitheadh an maoiniú breise seo i dtéarmaí sainfháil éigeandála trealaimh cosanta phearsanta, aerálaithe agus trealaimh eile is gá chun beatha a shábháil ó leathadh an phaindéim.

“Tá spéis againn freisin scrúdú a dhéanamh ar chaiteachas eile a bhaineann le Covid, lena n-áirítear tástáil agus rianú, acmhainneacht bhreise in ospidéil phríobháideacha a choimisiúnú agus costais sainchomhairleoireachta. Tá an Coiste ag tnúth leis na nithe seo a phlé leis an Uasal Reid agus lena chomhghleacaithe, agus le héisteacht freisin le nuashonraithe ar Chóras Comhtháite Bainistithe Airgeadais agus Sainfhála FSS. Is spéis leis an gCoiste freisin caiteachas a bhaineann leis an gcibear-ionsaí ar chórais FSS is luaithe i mbliana, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis an damáiste a dheisiú agus le FSS a chosaint ar ionsaithe sa todhchaí.”

Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 3 beo ar Oireachtas TV.

Is Buanchoiste de chuid Thithe an Oireachtais an Coiste um Chuntais Phoiblí a dhíríonn ar a chinntiú go reáchtáiltear seirbhísí poiblí go héifeachtúil agus ar bhonn luach ar airgead.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn