Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foilseoidh an Coiste um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh tuarascáil ar an gComhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA)

15 MFómh 2021, 12:00

Tá an Coiste um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh tar éis a thuarascáil ar an gComhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir an tAontas Eorpach agus Ceanada a fhoilsiú inniu, Dé Céadaoin, an 15 Meán Fómhair.

Cé gur cuireadh an margadh i bhfeidhm go sealadach ó 2017, tá sé faoi bhreithniú faoi láthair lena dhaingniú ag gach Ballstát, lena n-áirítear Éire.

Scrúdaigh an Comhchoiste um Ghnóthaí an Aontais Eorpaidh, ar a bhfuil 14 chomhaltaí, infreastruchtúr institiúideach agus bunreachtúil chomhaontú trádála CETA, Córas na Cúirte Infheistíochta a bheartaítear faoin margadh agus tionchar CETA ar Bheartais Eacnamaíochta agus Baile na hÉireann.

Déantar cinneadh leis an tuarascáil go bhfuil, tar éis grinnscrúdú ar an margadh trádála:

·         Seachtar comhaltaí den Choiste go láidir den tuairim gur comhaontú maith é CETA d’Éirinn agus ar ndóigh don Aontas Eorpach trí chéile.” Tá na comhaltaí seo den Choiste go láidir den tuairim gur chóir go rachfaí CETA ar aghaidh chuig Dáil Éireann agus Seanad Éireann lena dhaingniú go críochnaitheach. 

·       Creideann seachtar eile comhaltaí den Choiste go láidir gur ann d’fhíorábhair imní gan réiteach ann a bhaineann leis an gCóras Cúirte Infheistíochta a bheartaítear faoin margadh. Creideann na comhaltaí seo nár cheart rúin chun CETA a dhaingniú a thíolacadh chuig Dáil Éireann agus Seanad Éireann faoi láthair chun a cheadú go mbeidh fiosrúchán náisiúnta agus díospóireacht agus comhairliúchán fad-raoin ar an margadh.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Seosamh Mac Aodha TD: “Agus tionchar CETA ar Éirinn á scrúdú, is léir gur bhain Éire, mar gheilleagar oscailte, tairbhe eacnamaíoch as cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe. Mar sin féin, cé go nglactar leis go raibh tionchar dearfach ag na tairbhí eacnamaíocha ar Éirinn, tá ceisteanna maidir le daingniú CETA ina gcnámh spairne i measc chomhaltaí Thithe an Oireachtais agus i mBallstáit eile.”

Dúirt an Teacht Mac Aodha freisin: “Chuaigh an Coiste i mbun plé fada fairsing ar na hábhair imní a bhaineann le Córas na Cúirte Infheistíochta agus chuir líon mór comhaltaí in iúl go raibh fíorimní orthu. Faoi ról na bparlaimintí náisiúnta, ní féidir ábhar CETA a athchaibidliú agus ní fhoráiltear ach do rogha dhéanartha ann: daingniú nó neamhdhaingniú.” 

Tá na comhaltaí den Choiste um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh atá i bhfabhar an mhargaidh den tuairim nach gcuireann CETA isteach ar aon bhealach ar cheannasacht na hÉireann agus go bhfuil ann raon fairsing dianchosaintí.

Dúirt Leaschathaoirleach an Choiste, Breandán Ó Húilín TD: “Creideann seachtar comhaltaí den Choiste go láidir gur chóir go mbeidh fiosrúchán polaitiúil náisiúnta forleathan fíorthábhachtach agus díospóireachtaí i ngach cuid den tsochaí maidir leis na himpleachtaí a bhaineann lena dhaingniú. Táthar tar éis formhór na bhforálacha de CETA a chur i bhfeidhm go sealadach cheana féin (cé is moite díobh siúd a bhaineann le hinfheistíocht phunainne agus ICS). Creideann na comhaltaí seo gur ann d’fhíorábhair imní gan réiteach maidir leis na himpleachtaí a bhaineann le curchun feidhme ICS do cheannasacht agus do bheartas poiblí na mBallstát.

D’éist an Coiste le 10 bhfinné shaineolacha thar chúig chruinniú phoiblí a tionóladh idir mí na Márta agus mí an Mheithimh mar chuid dá ghrinnscrúdú ar CETA mar chuid de na pléití. Fuarthas sé aighneach scríofa freisin.

Tá an tuarascáil seo á leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais lena breithniú.

Léigh an tuarascáil ina hiomláine.

Barr
Roinn