21 MFómh 2021, 16:42
Beidh cruinniú ag an gCoiste um Fhormhaoirsiú Buiséid le hoifigigh ó Chomhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann agus leis an Aire Airgeadais, Pascal Ó Donnchú an tseachtain seo mar chuid de phróiseas grinnscrúdaithe réamh-Bhuiséid 2022 aige.
Tá Cathaoirleach Chomhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann agus a príomheacnamaí an Dr. Eddie Casey ar na hionadaithe ón eagraíocht atá le láithriú os comhair an Choiste amárach, Dé Céadaoin and 22 Meán Fómhair i Seomra Coiste 4 ar 3.30 p.m.
Láithreoidh an tAire Ó Donnchú os comhair an Choiste, Déardaoin an 23 Meán Fómhair i Seomra Coiste 1 ar 2 p.m.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste Neasa Ní Argáin TD: “Soláthraítear le Ráiteas réamh-Bhuiséid 2022 ó Chomhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann anailísiú seachtrach neamhspleách ar réamhthuartha oifigiúla eacnamaíocha, pleananna caiteachais agus beartais agus seasamh fioscach an Rialtais. Is luachmhar an deis í seo chun cruinniú a bheith ag an gCoiste le Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann chun a tuairimí a phlé agus a bhreithniú. Is tráthúil an deis í freisin cruinniú a bheith ag an gCoiste roimh ár gcruinniú leis an Aire Airgeadais, Pascal Ó Donnchú TD chun plé a dhéanamh ar ullmhúcháin don Bhuiséad atá le teacht.”
Is féidir breathnú ar chruinniú an lae amárach le Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann.