Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Gaeltacht, Spórt agus Meáin chun tosaíochtaí rí-thábhachtacha Fhís Éireann/Screen Ireland agus tionchar Covid-19 ar oibritheoirí cóiste agus turas a phlé

21 MFómh 2021, 16:40

Beidh cruinniú ar leith ag an gComhchoiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Gaeltacht, Spórt agus Meáin le Fís Éireann/Screen Ireland agus le Comhairle Turasóireachta Cóiste agus Iompair na hÉireann amárach, Dé Céadaoin an 22 Meán Fómhair.

Déanfar an cruinniú ar 12.30pm i Seomra Coiste 3 de Theach Laighean a roinnt ina dhá sheisiún:

·       12.30-1.25pm – Ionadaithe ó Fhís Éireann/Screen Ireland ar phríomhthosaíochtaí Fhís Éireann/Screen Ireland.

·       1.30-2.30pm – Ionadaithe ó Chomhairle Turasóireachta Cóiste agus Iompair na hÉireann faoi thionchar Covid-19 ar oibritheoirí cóiste agus turas.

Roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Niamh Nic Gabhann: “De réir mar a bhogaimid isteach sa tréimhse nua seo de bhainistiú an tsaoil le Covid-19 tosóidh an Coiste an téarma nua ag éisteacht le dhá earnáil dá ndearna an phaindéim mór-dhochar.

“Bhreathnaíomar roimhe seo ar éifeachtaí Covid-19 ar dhéanamh teilifíse agus scannán agus táimid ag tnúth anois le héisteacht ó Fhís Éireann/Film Ireland faoina príomhthosaíochtaí chun an tionscal a thabhairt ar ais go dtí a leibhéil aschuir réamh-Covid.

“Sa dara seisiún againn leis an gComhairle Turasóireachta Cóiste agus Iompair, pléifidh an Coiste tionchar na paindéime ar oibritheoirí cóiste agus turas, ar tháinig stad iomlán lena ngnóthaí de dheasca turasóirí ó thar lear gan teacht agus éifeacht na srianta sláinte poiblí ar thurasóireacht baile agus taisteal.

14 Chomhaltaí atá ar an an gComhchoiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Gaeltacht, Spórt agus Meáin, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 3 beo ar Oireachtas TV.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn