Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tá an Comhchoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú agus an Taoiseach chun tosú ar ghrinnscrúdú réamhreachtach ar Scéim Ginearálta an Bhille um Nochtadh Cosanta (Leasú), 2021

21 MFómh 2021, 16:55

 Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú agus an Taoiseach amárach, Dé Céadaoin an 22 Meán Fómhair chun tús a chur le grinnscrúdú réamhreachtach ar Scéim Ginearálta an Bhille um Nochtadh Cosanta (Leasú), 2021.

Déanfar plé ag an gcruinniú ar 12.30pm i Seomra Coiste 4 de Theach Laighean ar cheannteidil an Bhille leis na sceithirí Noel McGree agus John Wilson; Julie Grace ó Sceithirí Éireann; agus Philip Brennan de Raiseaconcern.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste an Teachta Seán Mac Aonghusa: “Moltar leis an mBille seo Treoir AE um Sceithirí a thrascríobh i ndlí na hÉireann tríd an Acht um Noctadh Cosanta láithreach a leasú.

“Ar na moltaí atá sa Bhille, áireofar moladh go dtiocfadh oibrithe saoralácha, comhaltaí boird, scairshealbhóirí agus iarratasóirí ar phoist faoi réim an Achta um Nochtadh Cosanta den chéad uair. Moltar freisin go gceanglófaí ar eagraíochaí earnála príobhaidí ag a bhfuil 50 fostaí nó níos mó cainéil agus nósanna imeachtaí foirmiúla a bhunú dá bhfostaithe chun nochtadh cosanta a dhéanamh ar an mbealach céanna leis an earnáil phoiblí.

“Bhí réamh-phléitú ag an gCoiste ar an mBille go luath tar éis é a fhoilsiú i mí na Bealtaine i mbliana agus táimid ag tnúth anois le grinnscrúdú sonraithe a dhéanamh ar Cheannteidil an Bhille leis na leas-sealbhóirí seo agus éisteacht lena dtuairimí faoin reachtaíocht thábhachtach seo.”

13 Chomhaltaí atá ar an gComhchoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú agus an Taoiseach, naonúr ón Dáil agus ceathrar ón Seanad.

Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 4 beo ar Oireachtas.ie

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn