Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Chuntais Phoiblí chun athchromadh ar scrúdú ar Ráitis Airgeadais 2020 de chuid FSS

22 MFómh 2021, 15:00

Beidh cruinniú ag an gCoiste um Chuntais Phoiblí (CCP) amárach, Déardaoin an 23 Meán Fómhair chun athchromadh ar scrúdú ar Ráitis Airgeadais 2020 de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).

Craolfar an cruinniú ar 9.30 a.m. ó Sheomra Coiste 3 de Theach Laighean agus éisfear lena linn leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, Seamus McCarthy, agus ina dhiaidh sin, le hionadaithe ó FSS, arb é Paul Reid, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin a bheidh i gceannas orthu. Beidh ionadaí ón Roinn Sláinte i láthair freisin.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste an Teachta Brian de Stainléigh TD: “Tar éis an idirghabháil a bhí againn leis an Uasal Reid agus a chuid comhghleacaithe an tseachtain seo caite ar chaiteachas éigeandála agus sainfháil a bhaineann le Covid-19, tá an Coiste ag tnúth anois le scrúdú a dhéanamh ar mhíreanna eile sna Ráitis Airgeadais do 2020, arb ionann iad agus caiteachas Státchiste €20 billiún.

Ar nithe is spéis leis na Comhaltaí, tá deontais chuig gníomhaireachtaí lasmuigh faoi Ailt 38 agus 39 den Acht Sláinte, 2004, comhfhreagras a fuair an CCP a bhaineann le seirbhís SouthDoc i gCiarraí agus Corcaigh agus an Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais, ar a dtugtar Scéim Chothrom na Féinne, agus calaois párolla.

Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 3 ar Oireachtas.ie.

Is Buanchoiste de chuid Thithe an Oireachtais an Coiste um Chuntais Phoiblí a dhíríonn ar a chinntiú go reáchtáiltear seirbhísí poiblí go héifeachtúil agus ar bhonn luach ar airgead.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn