Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Leanaí, Míchumas, Comhionannas, Lánpháirtíocht agus Óige chun athchromadh ar Ghrinnscrúdú Réamhreachtach ar an mBille um Fhaisnéis Bhreithe agus Rianú, 2021 leis an Aire Mac Gormáin

27 MFómh 2021, 16:55

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Leanaí, Míchumas, Comhionannas, Lánphairtíocht agus Óige amárach, Dé Máirt, an 28 Meán Fómhair leis an Aire Ruadhirí Mac Gormáin chun athchromadh ar Ghrinnscrúdú Réamhreachtach ar an mBille um Fhaisnéis Bhreithe agus Rianú, 2021.

Craolfar an cruinniú ar 3.30pm leis an Aire Leanaí, Míchumais, Comhionannais, Lánpháirtíochta agus Óige ó Sheomra Coiste 3 de Theach Laighean.

Ag labhairt di roimh an gCruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste an Teachta Caitlín Funchion: “Níos túisce i mbliana, chomhaontaigh an Coiste tosaíocht a thabhairt do ghrinnscrúdú ar reachtaíocht chun ceartas agus clabhsúr a thabhairt do mharthanóirí na nÁras Máithreacha agus Naíonán, lena n-áirítear an Bille um Fhaisnéis Bhreithe agus Rianú. D’iarramar aighneachtaí scríofa ó ghrupaí agus pearsana aonair leasmhara cheana agus thionólamar roinnt cruinnithe poiblí le leas-sealbhóirí iomchuí. Táimid ag tnúth anois le plé a dhéanamh ar Cheannteidil an Bhille leis an Aire Mac Gormáin chun éisteacht le tuairim a Roinne raoin reachtaíocht thábhachtach seo.”

Is é aidhm an Bhille um Fhaisnéis Bhreithe agus Rianú, 2021 a thábhachtaí atá sé eolas a bheith ag pearsa aonair ar a mbunadh a chumhdach ina dhlí. Moltar leis an mBille seo ceart rochtana ar dheimhnithe breithe agus ar fhaisnéis bhreithe agus luathshaoil do dhaoine a bhfuil ceisteanna acu i ndáil lena mbunadh, agus freisin do gach duine a uchtaíodh, a eisbhordáladh, do dhaoine is ábhar do bhreith mhídhleathach agus do dhaoine eile a bhfuil ceisteanna acu i ndáil lena gcéannacht. Moltar leis an reachtaíocht freisin Seirbhís Rianaithe cuimsitheach agus Clár um Rogha Teagmhála reachtúil a bhunú chun tacú le daoine ar mian leo teagmháil a dhéanamh nó faisnéis a roinnt.

Is tábhachtach a thabhairt do d’aire go bhfuil measúnú á dhéanamh ag an gCoiste ar an reachtaíocht bheartaithe atá roimhe faoi láthair, seachas ar aon doiciméad eile.

14 Chomhaltaí atá ar an gComhchoiste um Leanaí, Míchumas, Comhionannas, Lánphairtíocht agus Óige, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 2 beo ar Oireachtas.ie.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn