Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin chun tionchar Covid-19 ar Fhorais Chultúir Náisiúnta a phlé

28 MFómh 2021, 16:15

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin chun tionchar Covid-19 ar Fhorais Chultúir Náisiúnta a phlé nuair a thiocfaidh sé le chéile amárach, Dé Céadaoin an 29 Meán Fómhair.

Éistfear le linn an chruinnithe ar 12.30pm i Seomra Coiste 3 de Theach Laighean ó ionadaithe ó Ard-Mhúsaem na hÉireann agus ó Chumann Mhúsaeim na hÉireann (CMÉ).

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Niamh Nic Gabhann: “Amhail an oiread sin earnálacha dár ngeilleagair agus dár sochaí, is mór an tionchar a bhí ag Covid-19 ar mhúsaeim agus forais chultúir ar fud na tíre le 18 mí anuas. Tá méid is mó ná 250 mú      saem againn ar fud na hÉireann ina bhfostaítear foireann agus saorálaigh de suas is anuas le 2, 500 duine agus a mheallann ocht milliún cuairteoir gach bliain.

“Is cuid lárnach na forais seo d’ár saol cultúir agus tá ról ríthábhachtach acu mar ionaid do phlé, foghlaim, taighde, cruthaitheacht agus siamsa. Tá siad ríthábhachtach ó thaobh ár gcultúr agus ár n-oidhreacht a chothabháil agus a chosaint agus ó thaobh an stair shaibhir atá againn a chur i bhfios do ghlúnta an lae inniu agus atá le teacht. Tá an Coiste ag tnúth le plé a dhéanamh leis an Ard-Mhúsaem agus CMÉ maidir le conas is féidir lenár músaeim agus lenár bhforais chultúir téarnamh tar éis na paindéime chun oibriú agus fás i saol atá ag maireachtáil le Covid.”

14 Chomhaltaí atá ar an gComhchoiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Oireachtas TV.

Is féidir breathnú ar imeachtaí an Choiste ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn