Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Beidh cruinniú ag an gCoiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin le Comhdháil Oileáin na hÉireann agus Comhar na nOileán CTR

5 DFómh 2021, 16:26

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin le Comhdháil Oileáin na hÉireann agus Comhar na nOileán CTR amárach, Dé Céadaoin, an 6 Deireadh Fómhair chun an Plean Náisiúnta Gníomhaíochta d’Fhorbairt na nOileán beartaithe a phlé.

Beidh an cruinniú ar siúl i dTeach Laighean, Seomra Coiste 4 ar 9.30 a.m.
Tiocfaidh Simon Murray agus Aisling Moran ó Chomhdháil Oileáin na hÉireann; agus

Máire Uí Mhaoláin; Cathy Ní Ghóill ó Chomhar na nOileán CTR i láthair an Choiste.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Donnacha Ó Neachtain TD: “Is cuid ríthábhachtach d’ár stair agus dár n-oidhreacht na hoileáin agus na pobail amach ón gcósta.

Ba mhaith leis an gCoiste éisteacht le glór mhuintir na n-oileán agus lena gcuid tuairime maidir le céard is gá chun deireadh a chur leis an titim daonra, chun an meath sin a laghdú agus pobail beomhara a thógáil agus a chothabháil.

Ar na saincheisteanna ríthábhachtacha a phléifear, beidh bonneagar ríthábhachtach iompair agus sóisialta atá riachtanach ar na hoileáin, lena n-áirítear oideachas, cúram leanaí, iompar, tithíocht agus leathanbhanda agus tacaí ríthábhachtacha is gá do thionscail amhail turasóireacht, iascaireacht agus feirmeoireacht.”

Féadfar breathnú ar imeachtaí beo i nDáil Éireann.

Barr
Roinn