Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh chun bualadh le Ceannasaí Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn chun Staid an Aontais, 2021 a phlé

12 DFómh 2021, 16:00

Buailfidh an Comhchoiste um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh le Ceannasaí Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn, Barbara Nolan, chun Staid an Aontais, 2021 a phlé amárach, Dé Céadaoin an 13 Deireadh Fómhair, i dTeach Laighean chun an t-aitheasc faoi Staid an Aontais, 2021 a phlé.

Beidh an cruinniú ar siúl i Seomra Coiste 4 ar 9.30 a.m. I dteannta Barbara Nolan, beidh Leas-Cheannasaí Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn Jonathan Claridge.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Seosamh Mac Aodha TD: “Thug Uachtarán Choimisiún na hEorpa, Ursula von der Leyen, an t-aitheasc faoi Staid an Aontais, 2021 chuig seisiún iomlánach de Pharlaimint na hEorpa an mhí seo caite: an bhliain reatha a mheas agus breathnú romhainn ar thosaíochtaí don todhchaí.

“Ar na nithe a ardaíodh, bhí an freagra ar an bPaindéim, an Comhaontú Nua ar Imirce agus Tearmann, cánachas, Aontas Cosanta Eorpach, Comhaontú Glas Eorpach, agus Bliain Eorpach don Óige a bhunú.

Cuireann an Coiste fáilte roimh an idirghabháil amárach chun nithe a phlé ar leag an tUachtarán von der Leyen béim orthu agus chun ceisteanna a chur faoin gcaidreamh láithreach leis an Ríocht Aontaithe agus cé mar atá cur i bhfeidhm Prótacal Thuaisceart Éireann mar thosaíocht AE.”

Is féidir breathnú ar an gcruinniú beo.

Barr
Roinn