Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste Oireachtais chun athchromadh ar phléití ar na Pleananna Náisiúnta Gníomhaíochta d’Fhorbairt Oileán atá beartaithe.

12 DFómh 2021, 09:53

Athchromfaidh an Comhchoiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin ar a phléití ar na Pleananna Náisiúnta Gníomhaíochta d’Fhorbairt Oileán atá beartaithe, amárach, Dé Céadaoin an 13 Deireadh Fómhair i dTeach Laighean.

Beidh Bairbre Nic Aongusa, Rúnaí Cúnta ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Bríd Ní Chonghaile Príomhoifigeach Cúnta in Aonad na nOileán den Roinn i láthair ag an gcruinniú i Seomra Coiste 3 ar 9.30 a.m.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Donnacha Ó Neachtain TD: “Tar éis éisteacht le glór mhuintir na n-oileán an tseachtain seo caite, cuireann an Coiste fáilte roimh an deis éisteacht leis an Roinn faoi bheartas náisiúnta do na hoileáin a fhorbairt.

“Cuireadh Coiste Idir-Rannach um Fhorbairt Oileán ar bhun in 2019 agus sainordú aige beartas tras-rannach a fhorbairt le haghaidh forbairt oileán. Cuireann an Coiste fáilte roimh an deis nuashonrú a fháil maidir lena chuid oibre, maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin dá raibh sé ag gabháil agus maidir leis na dúshláin agus deiseanna atá sainaitheanta aige go dtí seo dár bpobail oileán.

“Is cuid ríthábhachtach na hoileáin agus a bpobail de stair agus d’oidhreacht na tuaithe againn. Is mór is riachtanach ní hamháin go gcothabhálann an plean atá geallta d’fhorbairt oileán ár bpobail oileán ach gur féidir dá bharr lenár bpobail oileán fás agus bláthú.

Féadfar breathnú ar imeachtaí beo i nDáil Éireann anseo. 

Barr
Roinn