Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An tOireachtas le soilsiú I gcuimhne ar Cholm Cille inniu

7 Noll 2021, 12:33

Inniu, Dé Máirt, an 7 Nollaig 2021, tá Colmcille 1500 á chomóradh – cuimhneachán 1,500 bliain ó bhreith Naomh Colm Cille agus comóradh domhanda ar a oidhreacht. Is é ‘Coinneal Cholm Cille’ an t‑ainm a tugadh ar thionscadal soilsithe a coimisiúnaíodh go speisialta agus ina dteilgfear íomhánna ar fhoirgnimh shuntasacha ar fud na hÉireann agus na hAlban.

Tá Tithe an Oireachtais páirteach sa tionscadal sin agus teilgfear íomhánna a bhaineann le saol Cholm Cille ar bhalla an Cholúnra os coinne Theach Laighean 2000 inniu.

Tarraingíonn na híomhánna cumhachtacha a theilgfear aird ar na dlúthnaisc chultúir idir Éire agus Albain – naisc a neartaíodh le linn ré Cholm Cille agus a leanann ar aghaidh go fóill.

Óna áit bhreithe go dtí láthair a uaighe ar Oileán Í, agus ó Bhallaí Dhoire go Teach Laighean, tugann na soilsithe ómós cuí dár naomhphátrún – Colm Cille.

Is é an clár comhpháirtíochta ‘Colmcille’, arna reáchtáil ag Foras na Gaeilge in Éirinn agus Bòrd na Gàidhlig in Albain, a nascann pobail Ghaeilge na hÉireann agus Ghaeilge na hAlban le chéile, a thugann urraíocht do Cholmcille 1500 agus a dhéanann éascú air, le tacaíocht na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Rinne pobail agus eagraíochtaí éagsúla ar fud na hÉireann, na hAlban agus in áiteanna I bhfad i gcéin an bhliain a cheiliúradh ar a lán dóigheanna.

Dhírigh cuid acu ar oidhreacht spioradálta agus reiligiúnach an naoimh; bhí spéis ag cuid eile acu i ngné na staire agus na seandálaíochta; agus tá pobail agus eagraíochtaí eile ag ceiliúradh na nasc teanga agus cultúir idir na Gaeil ar fud na cruinne.

Fiosrúcháin ó na meáin

Verona Ní Bhroinn,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 3881
+353 87 262 4132
verona.nibhroinn@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn