Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Fhiontar, Trádáil agus Fostaíocht chun tionchar Brexit ar thrádáil in Éirinn a phlé

8 Márta 2022, 14:16

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Fhiontar, Trádáil agus Fostaíocht amárach, Dé Céadaoin an 9 Márta, chun tionchar Brexit ar thrádáil in Éirinn a phlé.


Tá Príomhoifigeach Feidhmiúcháin InterTradeIreland Margaret Hearty agus oifigigh ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta le láithriú os comhair an chruinnithe i Seomra Coiste 1 de Theach Laighean idir 09:30-12:30.

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Muiris Ó Caoindealbháin: “Tá sé beagán le cois an dá bhliain ó d’fhág an Bhreatain an tAontas Eorpach.
Cé nach raibh an tionchar ar thrádáil in Éirinn chomh tubaisteach is a ceapadh, is mó atá Éire ag brath ar mhargadh na Ríochta Aontaithe le haghaidh onnmhairithe chomh maith le hallmhairithe.”

Bhí gnóthaí Éireannacha seasmhach agus thug siad aghaidh ar dhúshláin ollmhóra de dheasca na paindéime ach d’éagsúlaigh siad isteach go margaí nua agus láimhseáil siad ualaí méadaithe riaracháin agus páipéarachais a ghabhann le Brexit. Is bagairtí nua do ghnólachtaí iad praghsanna fuinnimh atá ag méadú, bolscaireacht agus an éiginnteacht a bhaineann le prótacal Thuaisceart Éireann.”

Táimid ag tnúth le cloisteáil faoi mhéid an tionchair atá ag Brexit ar thrádáil in Éireann, ar thrádáil trasteorann agus faoi nithe a bhaineann leis sin ó ionadaithe.

Féadfar breathnú ar imeachtaí beo ar Oireachtas.ie nó ar Feidhmchlár Fóin Chliste an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

 

Fiosrúcháin ó na meáin

Áine McMahon

Tithe an Oireachtais

Oifigeach Cumarsáide

Teach Laighean

Baile Átha Cliath 2

+353 1 618 4149

+353 85 8707436

aine.mcmahon@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn