Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Ceann Comhairle agus an Cathaoirleach chun cuairt a chur ar an Úcráin agus chun aitheasc a thabhairt do Pharlaimint na hÚcráine i gCív

3 Beal 2022, 09:33

Tá glactha ag an gCeann Comhairle Seán Ó Fearghail, TD, agus ag Cathaoirleach an tSeanaid, an Seanadóir Marcus Ó Dálaigh, le cuireadh ó Spéicéir Pharlaimint na hÚcráine taisteal go Cív agus aitheasc a thabhairt do Pharlaimint na hÚcráine.

Beidh siad i dteannta parlaiminteoirí ó thír amháin eile agus ionadaithe ó eagraíocht idirnáisiúnta ar an turas a bhfuiltear ag súil go dtarlóidh sé go luath an tseachtain seo chugainn.   Dúirt an Ceann Comhairle “ó cuireadh tús leis an gcogadh, tá fáilte curtha ag Éirinn roimh os cionn 20,000 dídeanaí ón Úcráin”.

Ina dhiaidh sin, dúirt sé “Is deis é an misean seo d’Éirinn a tacaíocht a léiriú do mhuintir na hÚcráine, dá rialtas agus dá parlaimint Verkhovna Rada, atá ag leanúint ar aghaidh ag feidhmiú in ainneoin imthosca deacra do-shamhlaithe. Tráth a bhfuil tíortha eile ag tosú ar a gcuid ambasáidí a athoscailt i gCív, beidh an turas seo mar shiombail eile an normalaithe agus leagfaidh sé béim ar athléimneacht iontach mhuintir agus chomhlachtaí rialtais na tíre. Is deis é freisin chun béim a leagan ar thábhacht ar leithligh ár bparlaimintí agus ar a n-athléimneacht dhaonlathach.”.  

Dúirt Cathaoirleach an tSeanaid, an Seanadóir Ó Dálaigh, “Maidir leis an gcuireadh a tugadh dúinn, is aitheantas é ó Rialtas na hÚcráine ar an bhfáilte iontach a chuir muintir na hÉireann roimh dhídeanaithe na hÚcráine agus ar an gcúnamh agus an maoiniú atá á chur ar fáil do na daoine sin atá fós san Úcráin”.

Dúirt an Cathaoirleach thairis sin, “Mar tír atá ina ball den AE, tá sé ríthábhachtach go nglacfaidh Éire páirt shofheicthe agus ghlórach i dtaobh tacaíocht AE a léiriú don Úcráin agus i dtaobh tacaíocht na hÉireann don Úcráin a bheith ina ball den AE”.  

Sa chuireadh a thug sé, dúirt Spéicéir Pharlaimint na hÚcráine, Ruslan Stefanchuk, Uasal, ‘Táim muiníneach gur teachtaireacht láidir eile dlúthpháirtíochta agus tacaíochta a bheidh i gceist leis an gcuairt uaibh dár stát ag an am crua seo agus muid ag comhrac in aghaidh an ionsaitheora agus ar son luachanna daonlathacha”.  

I dteannta cuairt a thabhairt ar Pharlaimint na hÚcráine agus a n-aitheasc a thabhairt, tabharfaidh na toscairí cuairt freisin ar roinnt de na bailte a scriosadh mar thoradh ar an gcogadh agus áiteanna inar tharla uafáis, d’fhonn béim a leagan ar an ngá atá leis na daoine sin atá freagrach a thabhairt os comhair na cúirte le haghaidh coireanna cogaidh.  

Fiosrúcháin ó na meáin

Áine McMahon

Tithe an Oireachtais

Oifigeach Cumarsáide

Teach Laighean

Baile Átha Cliath 2

+353 1 618 4149

+353 85 8707436

aine.mcmahon@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn