Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seolann an Seanadóir David Norris taispeántas ‘Glórtha Mionlaigh, Athruithe Móra’ mar chuid den cheiliúradh ar chothrom céad bliain ‘Seanad100’

5 Beal 2022, 12:30

Ar chuireadh a fháil ón gCathaoirleach, an Seanadóir Marcus Ó Dálaigh, chuir an Seanadóir David Norris an taispeántas ‘Glórtha Mionlaigh, Athruithe Móra’ i láthair i dTeach Laighean, atá ar cheann de na príomhimeachtaí chun comóradh agus ceiliúradh a dhéanamh ar ‘Seanad100’, cothrom céad bliain Sheanad Éireann.

Is é atá sa taispeántas i bhforhalla Theach Laighean an chéad taispeántas de shraith taispeántas poiblí lena léireofar saol agus obair na Seanadóirí a chuir saincheisteanna mionlaigh chun tosaigh ón gcéad Seanad sa bhliain 1922.

Dúirt an Cathaoirleach: “Is í an aidhm atá ag taispeántas ‘Glórtha Mionlaigh, Athruithe Móra’ a léiriú go raibh ról uathúil ag Seanad Éireann agus ag go leor Seanadóirí maidir lenár dtír a mhúnlú ón gcéad suí sin den Seanad i mí na Nollag 1922. Ar cheann de na róil a bhí ag an gCéad Seanad, chuir sé ardán agus ionadaíocht ar fáil don phobal Protastúnach agus Aontachtach, a bhí ina nglór mionlaigh sa Stát nua.

“Le 100 bliain anuas, is mó athrú a thagadh ar an Seanad agus ba ann a chuirtí ardán ar fáil do ghlórtha a dhéanadh ionadaíocht ar phobail mhionlaigh eile agus ar thuairimí mionlaigh, agus ba mhinic a thagadh athrú mór ar ár dtír dá bharr. Leis an taispeántas seo, cuirtear i gcuimhne dúinn go bhféadfadh pearsa aonair amháin tionchar mór a imirt agus pobail mhionlaigh nó cúiseanna mionlaigh a chur chun tosaigh trí leas a bhaint as an gcumhacht a bhaineann le bheith ina chomhalta nó ina comhalta de Sheanad Éireann inár bparlaimint náisiúnta. Sa chomhthéacs sin, bhí ríméad orm go raibh an Seanadóir David Norris toilteanach arís tacú le Seanad 100 mar is cinnte gurb eisean an cineál duine atá á cheiliúradh againn inniu.

“Is é ‘Glórtha Mionlaigh, Athruithe Móra’ téama an taispeántais seo agus téama chlár níos leithne chomóradh céad bliain Sheanad 100. Léiríonn na Seanadóirí a chlúdaítear sa taispeántas seo ról leathan, éagsúil agus cuimsitheach an tSeanaid óna chéad suí céad bliain ó shin. Ní léiriú iomlán é, áfach, orthu siúd atá tar éis fónamh.

“Mholfainn do dhaoine féachaint ar na tionscnaimh for-rochtana agus oideachais éagsúla a bheidh ar siúl i rith na bliana amach romhainn chun tuilleadh a fhoghlaim faoin Seanad agus faoin iliomad seanadóirí oirirce a raibh tionchar buan acu ar ár náisiún agus ar ár saol laethúil.

“Dóibh siúd ar féidir leo cuairt a thabhairt ar Theach Laighean anois agus é oscailte don phobal arís tar éis srianta Covid-19 a bhaint, beidh an taispeántas seo ar áireamh sna turais timpeall an fhoirgnimh.”

Is féidir tuilleadh sonraí maidir leis an taispeántas ‘Glórtha Mionlaigh, Athruithe Móra’ agus maidir le Clár ‘Seanad100’ a fháil ar líne ag www.oireachtas.ie/Seanad100.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn