Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tá an Comhchoiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin ag moladh ina Thuarascáil Réamh-Bhuiséid méadú a dhéanamh ar gach íocaíocht leasa shóisialaigh agus leathnú a dhéanamh ar an íocaíocht liúntais breosla

5 MFómh 2022, 12:15

D’fhoilsigh an Comhchoiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Pobail agus Tuaithe agus na hOileáin inniu, Dé Luain, an 5 Meán Fómhair, a Thuarascáil Réamh-Bhuiséid agus rinne sé cóip di a chur faoi bhráid an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Mhic Unfraidh, chun cuidiú leis an Rialtas ina phléití le linn na gcaibidlí i gcomhair Bhuiséad 2023.

Ceann de na hábhair ba mhó a tarraingíodh anuas le linn iarraidh phoiblí an Choiste ar aighneachtaí ná gur gá díriú ar bheartais frithbhochtaineachta agus tacaíochtaí a chur ar fáil do theaghlaigh a mbaineann an iliomad dála éagsúla leo d’fhonn cuidiú leo an bhochtaineacht a choimeád ó dhoras. Tá 31 mholadh i gcomhair Bhuiséad 2023 i dTuarascáil an Choiste, lena n-áirítear moladh gur chóir, ar a laghad, méadú a dhéanamh ar na híocaíochtaí go léir a bheidh coibhéiseach leis na méaduithe ar an gcostas maireachtála ó rinneadh an méadú ba dhéanaí roimhe sin.

Ar na moltaí ríthábhachtacha eile, tá siad seo a leanas:

• Go dtabharfadh an Roinn Coimirce Sóisialaí gealltanas athbhreithniú a dhéanamh ar na híocaíochtaí leasa shóisialaigh bunúsacha go léir ar bhonn bliantúil agus rátaí leasa shóisialaigh a thagarmharcáil de réir an chostais a bheadh ar Chaighdeán Maireachtála Bunriachtanach Íosta.

• Go méadófaí an tréimhse ama chun an Liúntas Breosla a íoc de cheithre seachtaine go dtí 32 sheachtain san iomlán agus go mbeadh gach faighteoir, ar lú a ioncam nó a hioncam ná €140 os cionn na rátaí leasa shóisialaigh iomchuí, incháilithe chun an Liúntas Breosla a fháil.

• Gur chóir íocaíocht bhreise €20 in aghaidh na seachtaine a thabhairt isteach dóibh seo atá faoi mhíchumas measartha, trom nó domhain agus, i gcás daoine faoi mhíchumas éadrom, gur chóir go mbeadh an ráta caighdeánach ar aon mhéid leis an Liúntas Cuardaitheora Poist.

• Gur chóir athruithe a dhéanamh ar an tástáil acmhainne i gcomhair an Liúntas Míchumais, ar cheart í a athrú mar seo a leanas; ba cheart an tuilleamh a dtabharfar neamhaird air a mhéadú go dtí €150 agus 50% den iarmhéid a bheith inmheasúnaithe.

• Gur cheart an t-ioncam caipitiúil a dtabharfar neamhaird air dóibh seo a fhaigheann an Liúntas Míchumais a mhéadú i mBuiséad 2023 mar seo a leanas: ba cheart na híocaíochtaí faoin Scéim Fóirdheontais Pá a mhéadú go dtí 70% den íosphá mar a bhí sé roimhe seo.

• Gur cheart ioncam féinfhostaithe na ndaoine a bhfuil an Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil acu a mheasúnú de réir 50% in ionad 100%. Maidir le lucht fála an Liúntais Cuardaitheora Poist de, ba cheart an measúnú ar ioncam páirtnéara a mheasúnú mar seo a leanas; neamhaird a thabhairt ar an gcéad €100 do dhaoine a oibríonn ar feadh trí lá nó níos mó agus laghdú comhréireach a dhéanamh do dhaoine a oibríonn ar feadh lá nó dhó agus an t-iarmhéid a mheasúnú de réir 50%.

• Gur cheart an ráta is iníoctha do Chuardaitheoirí Poist óga idir 18-24 bliana d’aois a mhéadú i mBuiséad 2023, agus é beartaithe an ráta sin a athbhunú ina iomláine faoi 2026.

• Gur cheart an t-ioncam €165 a dtabharfar neamhaird air a mhéadú dóibh seo atá ag fáil na hÍocaíochta Teaghlaigh Aontuismitheora go dtí €200 i mBuiséad 2023. • Nár cheart cothabháil linbh a áireamh mar ioncam teaghlaigh sa tástáil acmhainne i gcomhair tacaíochtaí leasa shóisialaigh. • Gur cheart neamhaird a thabhairt ar 100% de chostais mhorgáiste agus chíosa sa mheasúnú acmhainne i gcomhair na híocaíochta Teaghlaigh Aontuismitheora.

• Gur cheart an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí a mhéadú go €2000 i mBuiséad 2023.

• Gur cheart an Liúntas Cúraim Baile a mhéadú go dtí €350 in aghaidh na míosa i mBuiséad 2023. 

• Gur chóir an Sochar Linbh a leathnú amach go dtí tuismitheoirí leanaí atá suas le 19 mbliana d’aois; agus go dtabharfadh an Roinn isteach arís ráta méadaithe do theaghlaigh mhóra.

• Go bpróiseálfaí laistigh de cheithre seachtaine gach iarratas a chuirfí go bailí faoi bhráid na Roinne Coimirce Sóisialaí agus go gcinnteodh an Roinn go bhfuil na hacmhainní cuí aici chun an sprioc sin a bhaint amach agus go bpróiseálfaí gach achomharc leasa shóisialaigh faoi cheann chreat ama 12 sheachtain.

• Gur cheart don Roinn Coimirce Sóisialaí straitéis nua a fhorbairt agus acmhainní a chur ar fáil di chun an Bhochtaineacht Fuinnimh a Chomhrac agus Coimisiún um Aistriú Cóir a bhunú gan a thuilleadh moille.

Ag seoladh na tuarascála dó, dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Donnacha Ó Neachtain: “Tá an Comhchoiste tiomanta dá chinntiú go gcuirfear na moltaí sa tuarascáil i ngníomh d’fhonn athrú chun feabhais a dhéanamh do na daoine is leochailí sa tsochaí. Is é tuairim an Choiste go mbeadh tionchar dearfach suntasach ag na moltaí sin agus nach dtarraingeodh go leor de na moltaí caiteachas suntasach breise ar an Roinn Coimirce Sóisialaí.”

“Is feidhm thábhachtach de chuid aon sochaí nua-aimseartha é córas Coimirce Sóisialaí a fheidhmíonn go héifeachtach agus atá téagartha agus ní mór don Stát a chinntiú go dtabharfaidh sé tacaíocht dóibh seo uile a dhéanann cion oibre thar na bearta ar son shochaí na hÉireann leis an obair a dhéanann siad sa teach, leis an tacaíocht a thugann siad do phobail áitiúla agus leis an obair a dhéanann siad mar chúramóirí teaghlaigh. Ní mór aitheantas a thabhairt don chion oibre a dhéanann gach duine agus luach a saothair a thabhairt dóibh dá réir. Ar an gcuma chéanna, ní mór misneach a thabhairt dóibh seo atá ag tiargáil ar fhilleadh ar an lucht saothair agus ba chóir cúnamh a thabhairt dóibh chun obair chuí a oirfidh dá riachtanais agus dá gcúinsí féin a aimsiú.” 

“Dála Aighneacht Réamh-Bhuiséid an Choiste i gcomhair 2022, díríodh go mór in Aighneacht Réamh-Bhuiséid an Choiste i gcomhair 2023 ar conas dul i ngleic leis an mbochtaineacht agus leis an gcostas maireachtála atá ag dul in airde agus b’in ábhar a tarraingíodh anuas arís is arís eile sna haighneachtaí a fuarthas, mar aon le rátaí leasa shóisialaigh i gcoitinne. Le linn dó na saincheisteanna sin a scrúdú, chuir an Coiste amach iarraidh phoiblí ar aighneachtaí, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na heagraíochtaí sin a chuir a dtuairimí faoi bhráid an Choiste.”

Léigh an tuarascáil ina hiomláine anseo nó ar leathanach gréasáin an Choiste.  

Fiosrúcháin ó na meáin

Áine McMahon

Tithe an Oireachtais

Oifigeach Cumarsáide

Teach Laighean

Baile Átha Cliath 2

+353 1 618 4149

+353 85 8707436

aine.mcmahon@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn