Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ainmníonn Comhchoiste na Gaeilge beirt i gcomhair Bhord TG4

8 MFómh 2022, 16:54

Ag a chruinniú ar an 7 Meán Fómhair 2022, chomhaontaigh an Comhchoiste ainmneacha beirt iarrthóirí a chur ar aghaidh chuig an Aire Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Dála Catherine Martin, i gcomhair na n-ainmniúcháin a bhfuil dualgas ar an gComhchoiste a dhéanamh don Aire, i gcomhair ceapachán mar chomhaltaí do Bhord TG4.

Chomh maith leis sin, chomhaontaigh an Comhchoiste painéal de sheisear a dhearbhú mar thoradh ar na hagallaimh a d’eagraigh agus a chuir an Comhchoiste i gcrích ar an 5 agus an 6 Meán Fómhair 2022. Chomhaontaigh an Comhchoiste go gcuirfeadh sé na hainmneacha go léir ar an bpainéal seo, 6 ainm, ar aghaidh chuig an Aire, ag dáta níos déanaí, tar éis don Aire an dá cheapachán féin do Bhord TG4 a dhéanamh.

Dúirt Cathaoirleach an Comhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Mar Chathaoirleach den Bhord a bhí i gceannas ar na hagallaimh, agus ar son mo chomhghleacaí a bhí ar an mBord liom, an Seanadóir Lorraine Clifford Lee, tá orm a rá go rabhamar beirt an-tógtha le caighdeán ard na 18 iarrthóir in iomlán a tháinig os ár gcomhair, go mórmhór leis an eolas agus an tuiscint a léirigh siad uilig ar chúrsaí TG4 agus Raidió Teilifís Éireann, agus ar chúrsaí a bhaineann leis an earnáil chraoltóireachta ina iomlán.”

Is mian linn ár mbuíochas, agus buíochas Chomhaltaí an Chomhchoiste go léir, a ghabháil dóibh as páirt a ghlacadh sa phróiseas seo agus as na scileanna agus as an eolas a léirigh siad dúinn.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn