Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Óstálfaidh an Ceann Comhairle Siompóisiam Parlaiminteach ar Rannpháirtíocht sa Saol Poiblí, sa Pholaitíocht agus sa Pharlaimint a Fheabhsú

13 MFómh 2022, 00:01

Inniu, óstálfaidh an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl TD, Siompóisiam Parlaiminteach ar Rannpháirtíocht sa Saol Poiblí, sa Pholaitíocht agus sa Pharlaimint a Fheabhsú i gCaisleán Bhaile Átha Cliath

Déanfaidh an Siompóisiam scrúdú ar thrí réimse faoi leith a gcreideann an Ceann Comhairle gur féidir leo gairmréim sa saol poiblí agus sa pholaitíocht a dhéanamh níos uilechuimsithí, níos tarraingtí agus níos inrochtana: an éagsúlacht in Éirinn sa 21ú aois; leasanna an aosa óig; agus rannpháirteachas na mban sa phobal parlaiminteach.

Is iad na príomhchainteoir a labhróidh ag an ócáid: 

  • Furkan Karayel, Údar, Cainteoir um Éagsúlacht agus Uilechuimsitheacht in Éirinn ar ‘Éagsúlacht na hÉireann san 21ú haois a Léiriú sa Phobal Parlaiminteach’:
  • Harry McCann, Bunaitheoir na Comhairle Óige um Obair Dhigiteach ar ‘Ionadaíocht a Dhéanamh do Leas an Aosa Óig’;
  • Rachael Rollins, Aturnae na Stát Aontaithe do Dhúiche Massachusetts ar ‘Rannpháirtíocht na mBan sa Phobal Parlaiminteach a Chur chun Cinn’.

Tar éis gach príomhóráide, beidh díospóireacht phainéil agus seisiún ceisteanna agus freagraí faoi mhodhnóireacht ag Comhalta den Oireachtas, os comhair lucht éisteachta dá mbeidh cuireadh tugtha, agus ar a mbeidh Comhaltaí reatha agus iarchomhaltaí den Dáíl agus den Seanad, comhaltaí reatha agus iarchomhaltaí de Thionól Thuaisceart Éireann, Comhaltaí Éireannacha de Pharlaimint na hEorpa, Ardmhéaraí ar Údaráis Áitiúla, Eagraíochtaí Neamhrialtasacha iomchuí, Ard-Rúnaithe ar Ranna Rialtais agus Ambasadóirí de chuid an Aontais Eorpaigh.

Dúirt an Ceann Comhairle: “Ar cheann de na tosaíochtaí atá agam mar Cheann Comhairle tá an Pharlaimint a dhéanamh níos tarraingtí agus níos inrochtana don phobal go léir, trína chinntiú gur timpeallacht fháilteach agus thacúil atá i dTithe an Oireachtais agus gur ionad oibre é atá níos uilechuimsithí, a thugann breis tacaíochta do theaghlaigh agus atá níos tuisceanaí ó thaobh inscne de. Anuraidh, rinne an Fóram maidir le Parlaimint a Thacaíonn le Teaghlaigh agus atá Uilechuimsitheach, arna bhunú agamsa, sraith de mholtaí praiticiúla agus de mholtaí indéanta chun an méid sin a chur i gcrích.

“I gCaisleán Bhaile Átha Cliath inniu, tabharfaimid an próiseas seo chun cinn leis an Siompóisiam Parlaiminteach seo mar a mbeidh Furkan Karayel, Harry McCann, Aturnae na Stát Aontaithe Rachael Rollins, agus painéalaithe de chuid shaol agus shochaí na hÉireann chomh maith le saineolaithe ó Mheiriceá, ó Cheanada agus ón Eoraip i dteannta Comhaltaí den Dáíl agus den Seanad chun plé a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaimid an saol poiblí agus an pharlaimint a dhéanamh níos inrochtana do theaghlaigh, agus a bheith níos uilechuimsithí agus níos tarraingtí dár bpobal uile. Is é an cuspóir atá leis sin ná smaointe agus dúshláin mhóra a mheas ar féidir leis an bpobal parlaiminteach iad a chur chun cinn de réir éirim an chomhchuspóira.

Is é a spreag mé chun téama seo na huilechuimsitheachta ná na hathruithe atá ag teacht go tapa ar Éirinn agus a fheicim gach lá ar shráideanna ár bpríomhchathrach agus inár mbailte réigiúnacha. Trína chomhaltas d’AE agus mar gheall ar chur chuige intinne oscailte i leith fheiniméan na himirce eacnamaíche agus polaitíochta sa 21ú haois, tá Éire anois ina háit fhíor-ilchultúrtha chomh maith lena bheith ina sochaí níos cothroime agus is láidre í dá bharr sin.”

Arsa an Ceann Comhairle freisin: “Ag an tráth seo atá lán de luaineacht agus de chorraíl idirnáisiúnta ar fud an domhain mar a bhfuiltear ag déanamh talamh slán den daonlathas agus á mhí-úsáid i mórán cásanna, ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil ár n-institiúidí daonlathacha féin ionadaíoch do na daoine mar atá siad sa tír sa lá atá inniu ann. Caithfimid na hathruithe atá tagtha ar an daonra agus na hathruithe cultúrtha atá tagtha chun sa tír seo a aithint.

Tá gá inár saol poiblí agus sa pholaitíocht le níos mó ban, níos mó daoine óga agus níos mó de na hÉireannaigh nua, níos mó daoine ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste chun iad féin a chur san iomaíocht i dtoghcháin nó a bheith páirteach in obair laistigh de Thithe an Oireachtais. Tá gá againn leis an bhfuinneamh, an díograis agus an idéalachas atá ag daoine óga. Teastaíonn uainn freisin dearcthaí daoine de phobail imeallaithe a raibh leisce orthu san am a chuaigh thart iad féin a chur san iomaíocht i dtoghcháin. Teastaíonn uainn dearcthaí na mílte Éireannach nua atá lonnaithe anseo, atá bródúil as a bheith ina saoránaigh Éireannacha agus atá ag cur go mór le sochaí na hÉireann ar fud na tíre.

Tá na sonraí go léir faoin Siompóisiam Parlaiminteach, 2022 ar fáil anseo ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.

Craolfar an Siompóisiam beo ar Teilifís an Oireachtais.

Tá na sonraí maidir le Parlaimint a Thacaíonn le Teaghlaigh agus atá Uilechuimsitheach agus ar a thuarascáil deiridh ar fáil anseo.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn