Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Osclófar doirse Theach Laighean don phobal d’Oíche Chultúir 2022, mar chuid den imeacht náisiúnta a bheidh ar siúl fud fad na tíre amárach, Dé hAoine an 23 Meán Fómhair.

22 MFómh 2022, 14:35

Ó 5.00 in go dtí 10.00 in beidh rochtain thar an ngnáth ag cuairteoirí ar fhoirgneamh Pharlaimint na hÉireann.

Cuirfear turais i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann agus turais i nGaeilge ar fáil ar an oíche, mar aon le turais i mBéarla, agus beidh deis ag cuairteoirí seomraí stairiúla na Dála agus an tSeanaid a fheiceáil. Tá Taispeántas Seanad 100 i Seomra Léitheoireachta na Leabharlainne mar chuid den turas i mbliana.

Feicfidh cuairteoirí an t-ealaíon stairiúil atá crochta ar bhallaí Theach Laighean agus iad ag siúl trí hallaí an tí.

Beidh ceol ann ar an oíche, á chasadh ag ceoltóirí ó Bhrú Ború, Comhaltas Ceoltóirí Eireann, Grúpa Ukulele Rath Fearnáin, Birth of a Nation, Cór Bhunscoil Loreto, Ráth Fearnáin, Lárionad Ghéarchéim na hÚcráine in Éirinn.

Tá Teach Laighean ar cheann de na foirgnimh is mó tábhacht shóisialta agus chultúrtha sa tír, agus cuireann oscailt dhoirse na Parlaiminte go mór leis an gcomhpháirteachas poiblí idir an pobal agus a chóras polaitíochta.

Mar sin, is mór ag Seirbhís Thithe an Oireachtais a bheith páirteach in Oíche Chultúir agus táthar tar éis thart ar 600 ticéad a chur ar fáil don ócáid.

Cé go bhfuil saorchead isteach, ní mór ticéad a chur in áirithe don imeacht seo agus tá na ticéid ar fad díolta anois.

Is ócáid bhliantúil náisiúnta í an Oíche Chultúir ina gcuireann eagraíochtaí ealaíon agus cultúrtha agus ionaid de gach sórt (lena n-áirítear an Foras Chultúir Náisiúnta) síneadh lena n‑uaireanta oscailte chun rochtain níos fearr a chur ar fáil don phobal.

Fiosrúcháin ó na meáin

Stephen Higgins

Tithe an Oireachtais,

Oifigeach Cumarsáide,

Teach Laighean, 

Baile Átha Cliath 2

+353 (0) 1 618 4743

+353 (0) 85 801 3096

stephen.higgins@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn