Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Taispeántas ‘Glórtha ón Tuaisceart’ seolta ag Cathaoirleach Sheanad Éireann mar chuid de chomóradh Seanad100

28 MFómh 2022, 13:00

Sheol Cathaoirleach Sheanad Éireann, an Seanadóir Marcus Ó Dálaigh, taispeántas ‘Glórtha ón Tuaisceart’ i dTeach Laighean inniu (28.09.2022) mar chuid de chomóradh Seanad100. Bhí triúr iar-chomhaltaí den Teach Uachtarach, ar ‘Glórtha ón Tuaisceart’ oinigh iad, i dteannta an tSeanadóra Ó Dálaigh ag an seoladh: Catherine McGuinness, Martin McAleese agus Ian Marshall. 

Is é ‘Glórtha ón Tuaisceart’ an tríú taispeántas mar chuid de chomóradh céad bliain an Tí Uachtaraigh. De réir théama na bliana, ‘Glórtha Mionlaigh, Athruithe Móra’, tá sé mar aidhm ag an taispeántas ról Sheanad Éireann a léiriú maidir le hardán a chur ar fáil do ghlórtha aontachtacha agus Protastúnacha, a bhí ina mionlach nuair a bunaíodh an stát nua. Le himeacht ama, d’athraigh Seanad Éireann chun ionadaíocht a chur ar fáil do ghlórtha agus pobail eile.

Tá 26 comhaltaí agus iar-chomhaltaí sa taispeántas, ón gcéad Seanad go dtí an Seanad reatha, Catherine McGuinness, Martin McAleese, agus Ian Marshall ina measc. Tá sínithe na gcéad mhná a bhí ina gcomhaltaí den Seanad le feiceáil chomh maith – Alice Stopford Green; Eileen Ellen Costello; An Chuntaois Ellen Desart, agus Jennie Wyse Power. Tá pictiúr de Chisteog an tSeanaid, coimisiúnaithe ag an Seanadóir Stopford Green sa bhliain 1924 mar bhronntanas don chéad Seanad i Saorstát Éireann, le feiceáil sa taispeántas freisin.

Dúirt an Cathaoirleach Marcus Ó Dálaigh: “Bhí ról ríthábhachtach ag glórtha ón Tuaisceart sa Teach Uachtarach, idir náisiúnach agus aontachtach, maidir le díospóireacht ionadaíoch ionchuimsitheach a chinntiú, go háirithe le linn na dTrioblóidí agus ó Chomhaontú Aoine an Chéasta i leith. Tá an rannpháirteachas sin tar éis léargas agus tuiscint a thabhairt dúinn nach mbeadh ar fáil i gcónaí sa Dáil. Agus plé ann go fóill maidir le Brexit, agus an caidreamh idir Éire, Tuaisceart Éireann, an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach, leanfaidh ról an tSeanaid i ndáil leis na ceisteanna sin de bheith ag fás.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Ian Marshall, Martin McAleese, agus Catherine McGuinness as an taispeántas a sheoladh inniu. Mar aon leis sin, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine atá ag rannchuidiú le Seanad100 agus leis an gcloch mhíle thábhachtach seo don Teach Uachtarach.”

Ba é Ian Marshall an chéad Aontachtaí Ultach a toghadh chun an tSeanaid le beagnach 100 bliain nuair a thóg sé a shuíochán in 2018 tar éis corrthoghcháin ar an Rolla Talmhaíochta. Dúirt sé: “Is mór agam a bheith anseo inniu chun an taispeántas iontach seo a sheoladh. Tá tábhacht nach beag ag baint leis an ardán fiúntach a tugadh do ghlórtha ón Tuaisceart sa Seanad le 100 bliain anuas, mar go spreagann sé comhrá oscailte ionchuimsitheach. Bhí sé de phribhléid agam ionadaíocht a dhéanamh ar ghlórtha agus imní daoine ó cheann ceann na hÉireann le linn mo chuid ama anseo.”

Bhí Martin McAleese, arb é fear céile iar-Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, é agus ag a raibh ról tábhachtach ag cuidiú le grúpaí dílseacha páirt a ghlacadh sa phróiseas síochána, ainmnithe ag an Taoiseach mar Sheanadóir neamhspléach sa 24ú Seanad in 2011. Dúirt sé: “Agus an Seanad céad bliain ar an bhfód, is iontach an rud é go bhfuil ceiliúradh á dhéanamh ar chuid mhór glórtha ón Tuaisceart atá tar éis suí i seomra an tSeanaid le 100 bliain anuas, ar daoine iad a roinn a gcuid peirspictíochtaí chun comhthuiscint níos fearr a éascú.”

Bhí Catherine McGuinness, atá ina hiar-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach, ina comhalta neamhspléach den 14ú, 15ú agus 17ú Seanad, agus a toghadh mar chuid de Rolla Ollscoil Bhaile Átha Cliath. Dúirt sí: “Fóram sábhailte measúil ab é an Seanad ina bhféadfaí tuairimí agus dearcthaí éagsúla maidir le Tuaisceart Éireann a roinnt agus a phlé. Mar Sheanadóirí, ghlac muid páirt i ndíospóireachtaí leithne, ilghnéitheacha agus chuamar i ngleic le cuid mhór dearcthaí agus peirspictíochtaí, rud a bhí uathúil ag an Teach Uachtarach.”

Tá taispeántas ‘Glórtha ón Tuaisceart’  le feiceáil i bpríomhhalla Theach Laighean, agus is féidir le cuairteoirí breathnú ar an taispeántas mar chuid de thurais ar an teach. Tá an taispeántas ar fáil ar líne chomh maith ag www.oireachtas.ie/seanad100, mar aon le clár Seanad100.

 

Media contact: Joanne Ahern / Patricia Ryan, DHR Communications, Tel: 087-9881837 / 087-241 2928

Notes to editors:

·        Senator Mark Daly is available for interview.

·        Maxwells will issue photos to picture desks this afternoon.

 

Barr
Roinn