Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge ag iarraidh ar an Rialtas ‘Samhail Charn Tóchair’ a chruthú i ngach contae in Éirinn

29 MFómh 2022, 14:00

Inniu, leag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tuarascáil os comhair Thithe an Oireachtais ar thoscaireacht an Chomhchoiste go Carn Tóchair i gContae Dhoire i mí an Mheithimh na bliana seo.

Thar ceann an Chomhchoiste, thug an Cathaoirleach, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh mar aon leis an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee cuairt ar an gceantar an 21 Meitheamh 2022.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Ba mhaith leis an gComhchoiste tréaslú le muintir Charn Tóchair agus ardmholadh a thabhairt dóibh as gach ar éirigh leo a bhaint amach agus as an dea-obair leanúnach atá á déanamh acu chun pobal Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn sa cheantar.

“Is eiseamláir iontach é Carn Tóchair do phobal na hÉireann agus do thodhchaí na Gaeilge, thuaidh agus theas, agus tá an Comhchoiste ag moladh go nglacfaidh an Rialtas agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán leis an mbeartas seo a leanas: ‘Tá sé ina bheartas oifigiúil de Rialtais na hÉireann ‘Samhail Charn Tóchair’ a chruthú i ngach contae in Éirinn, agus an tacaíocht agus an córas riaracháin cuí a chur i gcrích láithreach, chun an cuspóir uasal seo a thosú agus a chur i gcrích taobh istigh de 20 bliain.’”

Tá an tuarascáil ‘Toscaireacht go Carn Tóchair, Co. Dhoire ar an 21 Meitheamh 2022’ ar fáil ar shuíomh gréasáin Thithe an Oireachtais.

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, ina gComhaltaí de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn