Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Éistfidh Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid i dtaobh Thodhchaí Bunreachtúil Oileán na hÉireann le heacnamaí sinsearach de chuid CAI a d’oibrigh ar athaontú na Gearmáine

7 DFómh 2022, 00:01

Dúirt Cathaoirleach Sheanad Éireann agus Cathaoirleach Choiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid, an Seanadóir Marcus Ó Dálaigh, ag labhairt dó roimh an dara cruinniú amárach, Dé hAoine, an 7 Deireadh Fómhair, den Choiste i dtaobh Thodhchaí Bunreachtúil Oileán na hÉireann, gur mór aige rannpháirteachas Gunther Thumann, atá ag taisteal go hÉirinn don Chomhairliúchán Poiblí. D'oibrigh an tUasal Thumann mar eacnamaí sinsearach ag deasc na Gearmáine den Chiste Idirnáisiúnta tráth athaontaithe na Gearmáine.

Dúirt Cathaoirleach Sheanad Éireann agus Cathaoirleach Choiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid, an Seanadóir Marcus Ó Dálaigh, ag labhairt dó roimh an dara cruinniú amárach, Dé hAoine, an 7 Deireadh Fómhair, den Choiste i dtaobh Thodhchaí Bunreachtúil Oileán na hÉireann, gur mór aige rannpháirteachas Gunther Thumann, atá ag taisteal go hÉirinn don Chomhairliúchán Poiblí. D'oibrigh an tUasal Thumann mar eacnamaí sinsearach ag deasc na Gearmáine den Chiste Idirnáisiúnta tráth athaontaithe na Gearmáine.   Dúirt an Seanadóir Ó Dálaigh: “Is beag eacnamaí ar domhan a bhfuil an t-eolas agus an taithí phearsanta acu ar athaontú agus is pearsa aonair den sórt sin Gunther Thumann. Thug a thaithí tuiscint anailíseach dó ar na forbairtí casta geilleagracha de réir mar a tharla siad.

Sa dara leath de na 1990í, bhí roinnt deiseanna aige labhairt go príobháideach leis an Seansailéir Helmut Kohl faoin measúnú a rinne sé ar pholaitíocht Athaontú na Gearmáine. Tá lúcháir orm go mbeidh sé i láthair chun a chuid eolais agus taithí a roinnt linn.”  

Scríobh Gunther Thumann, ina aighneacht chuig an gcoiste, faoi na dúshláin a bhaineann leis an Aontú in Éirinn roimh dó teacht i láthair i Seomra an tSeanaid. “Más é an rún polaitiúil, áfach, stát ceannasach Éireannach amháin a bhunú, is dócha go léireofar le costais an aontaithe comhaontú uile-Éireann maidir leis na hearraí agus na seirbhísí de chuid na hearnála poiblí a bheidh le soláthar in éineacht le comhaontú maidir lena maoiniú. Fágann sin go bhfuil raon sách leathan de thorthaí féideartha ann faoi réir roghanna mhuintir na hÉireann. Beidh costais an aontaithe mar thoradh ar phróiseas nithiúil, casta polaitiúil; ní dócha gur féidir na costais theibí sin a thuar roimh ré. Is í an chastacht pholaitiúil atá de dhlúth agus d’inneach an aontaithe an chúis is doimhne freisin leis na deacrachtaí a bhíonn le sárú maidir le costais aontú na Gearmáine a mheas.”

Cloisfear i seisiún na maidine ó dhaoine óga ó eagraíochtaí óige, arb éard iad, Fóram Óige Thuaisceart Éireann, Foróige agus Comhairle Náisiúnta na nÓg, agus cloisfear i seisiún an tráthnóna ó ionadaithe ceardchumann, daoine den phobal agus freisin ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta agus ó acadúlaigh de chuid ARINS, ar comhthionscadal é de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann, is comhlacht uile-oileáin, agus Institiúid Keough-Naughton don Léann Éireannach i Scoil Gnóthaí Domhanda Keough de chuid Notre Dame.

Ar chuid de na hollscoileanna atá páirteach sa tionscadal ARINS, tá Ollscoil Learphoill, Ollscoil Dhún Éideann, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Barr
Roinn