Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad na nÓg le comóradh mar chuid de chomórthaí Sheanad 100

10 Samh 2022, 00:01

Déanfaidh toscairí óga as gach cearn den tír plé ar na ceisteanna is tábhachtaí do dhaoine óga.

Comórfar céadchruinniú Sheanad na nÓg an 10 Samhain 2022 le seasca toscaire as gach cearn d’oileán na hÉireann mar chuid de chomórthaí Sheanad 100.  Déanfaidh an Leas-Chathaoirleach, an Seanadóir Seosamh Ó Raghallaigh, agus an toscaire, Etse Oshiogwemoh, comhchathaoirleacht ar Sheanad na nÓg.  Tabharfaidh an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Ruaidhrí Mac Gormáin, aitheasc do na toscairí ag oscailt an tseisiúin.  Is as measc chomhaltaí Chomhairle na nÓg, Gaisce agus Thionscnamh na gComhdhámhachtainí a roghnaíodh na toscairí.

Ag fáiltiú dó roimh an ócáid shuntasach seo, dúirt an Leas-Chathaoirleach, an Seanadóir Seosamh Ó Raghallaigh: “Tá an Seanad ag tacú le mionlaigh ó bunaíodh é 100 bliain ó shin.   Is cuí, i mbliain seo an chomórtha 100 bliain, go bhfuil an Seanad ag tabhairt cumhacht don aos óg.  Tá toscairí Sheanad na nÓg idir 14 bliana agus 18 mbliana d’aois.  Tá siad i ndiaidh fás aníos le linn paindéime, faoi dhianghlas, rud a fhágann go bhfuil taithí agus dearcthaí acu a bhaineann go sonrach lena n-aoisghrúpa féin.   Inniu, súfaimid isteach an ghaois atá acu, déanfaimid machnamh ar an léargas atá acu, agus gníomhóimid de réir a gcuid moltaí.”

Ag labhairt di thar ceann na dtoscairí, dúirt Comh-Chathaoirleach Sheanad na nÓg, Etse Oshiogwemoh “Táimid tar éis a bheith ag obair go dian dícheallach chun a chinntiú gur mó ná an siombalachas a bheidh i gceist le Seanad na nÓg.  Ní foláir dúinn torthaí a bhaint amach.  Tá cur agus cúiteamh déanta againn, agus tá cúig théama roghnaithe againn a bhfuil an-tábhacht ag baint leo dúinne.  Is iad na téamaí sin a phléifimid inniu.  Ba mhaith linn buíochas a ghabháil freisin le Cathaoirleach an tSeanaid, an Seanadóir Marcas Ó Dálaigh, as freastal ar cheann de na seisiúin ullmhúcháin a bhí againn.”

Ghabh an tAire Ruaidhrí Mac Gormáin buíochas le Seanad na nÓg as an gcuireadh chun freastal ar an gcruinniú agus labhairt aige.  “Labhróidh na toscairí amach inniu ag Seanad na nÓg thar ceann na ndaoine óga go léir, go háirithe na daoine óga sin ar deacair leo labhairt amach thar a gceann féin.   Tá dualgas orainn éisteacht agus gníomhú.  Tá mé an-sásta gur féidir le mo Roinnse tacú leo agus iad i mbun na hoibre seo, ní hamháin inniu, ach le linn na bliana go léir trína gcraobhacha áitiúla de Chomhairle na nÓg, tríd an gclár Gaisce agus trí Thionscnamh na gComhdhámhachtainí, i measc tionscnaimh rannpháirtíochta óige eile.  Tá sé an-tábhachtach tacú le daoine óga, deis a thabhairt dóibh plé le lucht déanta cinntí agus cluas éisteachta a thabhairt dóibh.

Is onóir domsa a bheith i láthair inniu, agus molaim na toscairí as an méid oibre agus machnaimh atá déanta acu agus as an méid ama atá caite acu i mbun pléití”.

Is iad seo na cúig théama atá roghnaithe ag na toscairí lena bplé:

Costas maireachtála na mac léinn: na bacainní a chuireann sé ar rochtain ar ardoideachas agus ar bhreisoideachas, agus an tionchar a bhíonn aige sin ar chinntí i dtaobh cén áit ar féidir le daoine óga dul i mbun staidéir, cad is féidir leo staidéar a dhéanamh air agus an féidir leo dul i mbun staidéir in aon chor.
Oideachas don saol: an ról atá ag an gcóras oideachais i dtaobh daoine óga a ullmhú le haghaidh an tsaoil tar éis na scoile, an tábhacht atá le treoir ghairme, agus an tacaíocht a theastaíonn ó dhaoine óga le haghaidh an tsaoil agus na hoibre san 21ú haois.
Rochtain ar Chúram Sláinte: na fadhbanna a bhaineann le daoine gan bheith in acmhainn cúram sláinte a fháil ná ábalta rochtain a fháil ar chúram sláinte, agus an tionchar atá ag na fadbhanna sin ar dhaoine óga.
Saol Sóisialta agus Taitneamhachtaí: na hiarmhairtí a bhaineann leis an easpa áiteanna sóisialta sábháilte agus leis an easpa rochtana ar shaoráidí.
Neamhionannas Airgeadais: an tionchar atá ag na cineálacha éagsúla neamhionannais airgeadais ar an neamhspleáchas; an chaoi a mbíonn an córas cúraim do dhaoine óga nuair a shlánaíonn siad 18 mbliana d’aois, agus an easpa tacaíochta atá ann chun tacú leis an aistriú go dtí maireachtáil neamhspleách.
Tar éis an imeachta lae, cuirfidh na toscairí moladh faoi bhráid an tSeanaid maidir le téama sonrach a mbeidh díospóireacht le déanamh air ag na Seanadóirí leis an Aire cuí den Rialtas.

Ghabh an Leas-Chathaoirleach, an Seanadóir Seosamh Ó Raghallaigh, buíochas le Comhairle na nÓg, Gaisce agus Tionscnamh na gComhdhámhachtainí as an méid oibre atá déanta acu agus as an méid tacaíochta atá tugtha acu chun go mbunófaí Seanad na nÓg.

 

Críoch.

Teagmhálaí do na meáin chumarsáide: DHR Communications Patricia Ryan 087 2412928 agus Joanne Ahern 087 9881837

 

Nótaí do na hEagarthóirí

Urlabhraithe ar fáil. 
Eiseoidh Maxwells grianghraif.
 

Ord Reatha 

2.00pm - Oscailt: Seomra an tSeanaid

·        Leas-Chathaoirleach Sheanad Éireann, Seosamh Ó Raghallaigh, ina chathaoirleach agus ráiteas tosaigh uaidh

·        Ráiteas tosaigh ó sheisear daoine óga

·        Ráiteas ón Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Ruaidhrí Mac Gormáin T.D. 

·        Plé

 

2.55pm - Ceardlanna agus Plé ar na hÁbhair 

·        Vótáil chun an líon téamaí a laghdú ó chúig cinn go dhá cheann

 

4.00pm - Seisiún Deiridh agus Vótáil: Seomra an tSeanaid

·        An Leas-Chathaoirleach agus an toscaire, Etse Oshiogwemoh, ina gcomhchathaoirligh

·        Ráiteas ó dhuine óg amháin ar an dá phríomhthéama roimh vótáil na dtoscairí 

·        Vótáil idir an dá théama mar phríomh-mholadh na ndaoine óga don Seanad 

·        Smaointe an Leas-Chathaoirligh ar an téama ar vótáladh air

 

4.40pm  Críoch

 

Comhairle na nÓg

Is éard í Comhairle na nÓg comhairlí leanaí agus óige san 31 limistéar údaráis áitiúil de chuid na tíre ina dtugtar deis chainte do leanaí agus do dhaoine óga faoi fhorbairt seirbhísí áitiúla agus beartas.  Is iad na comhairlí seo an struchtúr náisiúnta aitheanta le haghaidh rannpháirtíocht ag leanaí agus daoine óga i gcinnteoireacht áitiúil, agus tugann an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) tacaíocht dóibh.

 

Tugann Comhairle na nÓg deis do dhaoine óga cluas éisteachta a fháil ar dhá shlí: oibriú ar ábhair atá tábhachtach do dhaoine óga; agus feidhmiú mar fhóram comhairleach le haghaidh cinnteoirí aosaithe san áit.

 

Faigheann Comhairle na nÓg tacaíocht ó RLCMLÓ trí Chiste Forbartha Chomhairle na nÓg.  Tugann údaráis áitiúla maoiniú agus acmhainní do Chomhairle na nÓg freisin, chomh maith le heagraíochtaí áitiúla eile.  Maoiníonn RLCMLÓ Oifigigh Rannpháirtíochta freisin, agus cuireann na hoifigigh sin comhairle, acmhainní agus oiliúint ar fáil don 31 chomhordaitheoir de chuid Chomhairle na nÓg chomh maith le tacaí eile tríd an Oifig Náisiúnta Rannpháirtíochta.

 

Gaisce – Gradam an Uachtaráin

Clár féinfhorbartha do dhaoine óga idir 14 bliana agus 25 bliana d’aois is ea Gaisce – Gradam an Uachtaráin.  Tá sé d’aidhm ag Gaisce muinín, folláine agus torthaí daoine óga a fheabhsú trí rannpháirtíocht i ndúshláin phearsanta, fhisiceacha agus phobail.  Is dúshlán é atá curtha ag Uachtarán na hÉireann é féin, Micheál D. Ó hUiginn, roimh gach duine óg spriocanna móra a leagan síos dóibh féin agus barr a gcumais a bhaint amach.  Is iad seo na bunluachanna is inspreagadh do Gaisce: Cumhachtú, Cuimsiú agus Comhionannas, Meas agus Sármhaitheas.  Tá Gaisce faoi choimirce na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.

 

Tionscnamh na gComhdhámhachtainí 

Oibríonn Gaisce – Gradam an Uachtaráin agus Gradam Dhiúc Dhún Éideann i gcomhar le chéile trí Thionscnamh na gComhdhámhachtainí chun rogha a thabhairt do rannpháirtithe sna Gradaim i dTuaisceart Éireann maidir le haitheantas a fháil as a gcuid éachtaí.  Féadfaidh siad Gradam Dhiúc Dhún Éideann, Gaisce – Gradam an Uachtaráin, nó Teastas Ghradam Idirnáisiúnta Dhiúc Dhún Éideann a roghnú.   Is é an Gradam seo príomhghradam an domhain ó thaobh éachtaí an aosa óig, agus tugann sé deis do dhaoine idir 14 bliana agus 24 bliana d’aois barr a gcumais a bhaint amach.

Barr
Roinn