Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Creideann Comhchoiste na Gaeilge nach raibh Páipéar T2 Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí, mar a leagadh amach i mbliana é, oiriúnach don fheidhm a bhí leis

15 Samh 2022, 16:20

Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 16 Samhain 2022, cuirfidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge an cheist ‘An bhfuil an Páipéar T2 Ghaeilge na sraithe sóisearaí oiriúnach don fheidhm atá leis?’.

Tá an Comhchoiste tar éis cuireadh a thabhairt don Ghréasán do Mhúinteoirí Gaeilge agus do mhúinteoirí éagsúla ó chontaetha ar fud na tíre, a léirigh a n-imní faoin bpáipéar mar atá sé a leagtha amach faoi láthair, chun an t-ábhar tábhachtach seo á phlé leis.

Tosóidh an cruinniú ag 13.30 i Seomra Coiste 4, TL 2000, Teach Laighean.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Is sna meánscoileanna Béarla a bhaineann páipéar T2 na Gaeilge, agus is iad na daltaí nach bhfuil an Ghaeilge á húsáid acu mar a gcéad teanga atá sé dírithe. Dá bharr sin tá dualgas orainn a chinntiú go dtugtar an-chúram agus an páipéar seo á leagan amach sna blianta ar aghaidh. Tá orainn a chinntiú go bhfuil caighdeán ar leith ag teastáil chun dul i ngleic leis an bpáipéar seo agus go bhfuil a fhios ag na daltaí agus ag na múinteoirí Gaeilge roimh ré cad atá i gceist agus cad atá an córas ag súil leis uathu. Ní tharla sé sin i mbliana agus chuir na míthuiscintí a tharla isteach go mór ar na daltaí. Tá mo Chomhchoiste ag iarraidh, trínár mbreithniú ar an ábhar seo amárach, a chinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn