18 Samh 2022, 14:30
Inniu (Dé hAoine, an 18 Samhain) bhronn an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl TD, 16 Mhír Ghaile Náisiúnta ar phearsana aonair a chuaigh i mbaol a n-anama chun cabhrú le daoine eile a bhí i bpriacal.
Ag an ócáid inniu i dTeach Farmleigh, Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath, cruinníodh na faighteoirí chun deich mBonn Cré-Umha, cúig Bhonn Airgid agus Bonn Óir amháin a fháil.
Is í Comhairle na Míre Gaile, a bunaíodh 75 bliain ó shin i 1947 chun go dtabharfadh an Stát aitheantas do Ghníomhartha Gaile eisceachtúla, a bhronnann na gradaim bhliantúla. Tá an Ceann Comhairle ina chathaoirleach ar an gComhairle agus áirítear uirthi Cathaoirleach Sheanad Éireann, Ardmhéaraí Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí, Coimisinéir an Gharda Síochána, Uachtarán Chumann na gComhairlí Cathrach agus Contae, agus Cathaoirleach Chrois Dhearg na hÉireann.
Dúirt an Ceann Comhairle: “Inniu, bronnaimid gradaim ar fhaighteoirí cróga ó gach cearn den tír. Eisíodh litreacha molta freisin chuig naonúr as gaiscí agus gníomhartha lenar sábháladh daoine eile agus lena ndearnadh daoine eile a chosaint ó dhochar.
I gcaitheamh 75 bhliain de na Míreanna Gaile, tá cloiste againn faoi na céadta saol a sábháladh. Ní feasach sinn cad iad na saolta a caitheadh nó cad iad na glúnta a d'fhás aníos mar thoradh ar na gaiscí seo, ach tá a fhios againn go raibh toradh ar gach gaisce. Is mór gach gníomh gaile ag na daoine a sábháladh agus uaireanta, ach go háirithe, dóibh siúd a bhíonn ag caoineadh tar éis iarracht tarrthála nár éirigh léi.
Thar ceann mhuintir na hÉireann gabhaim buíochas leis na faighteoirí cróga as a ngníomhartha, as a n-neamhleithleachas, as a misneach agus as a thaispeáint dúinn gur féidir linn go léir difríocht a dhéanamh ar an oileán seo atá againn agus gurb ar neart a chéile a mhairimid ar an saol seo.”
Is iad seo a leanas na faighteoirí:
John Colfer – Bonn Cré-Umha
Garda Kieran Donovan – Bonn Cré-Umha
Garda James Keegan – Bonn Cré-Umha
Garda Colin Kyne-Delaney – Bonn Cré-Umha
Lee Conlon – Bonn Cré-Umha
Michael Nallon – Bonn Cré-Umha
Micheál Bourke – Bonn Cré-Umha
Katie Butler Haughney – Bonn Cré-Umha
Garda Brendan Crawford – Bonn Cré-Umha
Garda Ciaran Murray – Bonn Cré-Umha
Michael Downes – Bonn Airgid
Liam Halpin – Bonn Airgid
Miley Doran – Bonn Airgid
Rosaleen Feeney – Bonn Airgid
Stephen Ryan – Bonn Airgid
Kevin Barr – Bonn Óir
Críoch
Fiosrúcháin ó na meáin
Stephen Higgins
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 (0) 1 618 4743
+353 (0) 85 801 3096
Twitter: @OireachtasNews