Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ócáid chuimhneacháin i Seanad Éireann chun 100 bliain den Teach Uachtarach a cheiliúradh

12 Noll 2022, 11:06

Dé Luain an 12 Nollaig 2022, beidh Cathaoirleach Sheanad Éireann, an Seanadóir Marcus Ó Dálaigh, i gceannas ar ócáid speisialta chun 100 bliain de Sheanad Éireann a chomóra. 

Ag labhairt roimh an ócáid chuimhneacháin, dúirt an Seanadóir Ó Dálaigh, “Agus muid ag déanamh comórtha ar chothrom chéad bliain ó bunaíodh Seanad Éireann, breathnaímid siar ar ár dtéama “Glórtha Mionlaigh, Athruithe Móra” atá chomh tábhachtach inniu is a bhí sé 100 bliain ó shin. Le bliain anuas táimid tar éis cuimhneamh ar iar-Sheanadóirí a chuir glórtha mionlaigh chun tosaigh. Tá a rian fágtha acu ar ár saol laethúil. Ní mór don Seanad leanúint de cheisteanna a bhaineann le grúpaí mionlaigh a chur i lár an aonaigh, glórtha mionlaigh a aithint agus machnamh a dhéanamh orthu, agus na hathruithe is gá chun sochaí níos fearr a chruthú do chách a chur chun cinn.”

Tiocfaidh na Seanadóirí le chéile i Seomra na Dála, mar ar shuigh an chéad Seanad in 1922. Beidh comhaltaí den Rialtas, comhaltaí Pharlaimint na hEorpa, comhaltaí na Breithiúnachta, comhaltaí an Chóir Taidhleoireachta agus iar-chomhaltaí de Sheanad Éireann in éineacht leo.

Mar chuid den ócáid chuimhneacháin beidh óráid mhachnaimh ón Dr John Bowman, staraí agus craoltóir.

Ina dhiaidh sin, cuirfidh Cathaoirleach Sheanad Éireann, an Seanadóir Marcus Ó Dálaigh tús le suí foirmiúil de Sheanad Éireann.

Beidh an Taoiseach Micheál Ó Máirtín TD i láthair chun aitheasc a thabhairt mar chuid den suí foirmiúil sin.

Ansin tabharfaidh ceannairí Ghrúpa an tSeanaid aitheasc gairid. Tabharfaidh an LeasChathaoirleach, an Seanadóir Seosamh Ó Raghallaigh aitheasc deiridh. Cuirfear deireadh leis na himeachtaí ar 1.30pm.

Déanfar an ócáid a chraoladh beo ar Oireachtas TV.

Barr
Roinn