Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Taoiseach a ainmniú lena cheapadh ag an Uachtarán

15 Noll 2022, 10:56

Beidh ainmniúchán an Taoisigh nua ar siúl Dé Sathairn, an 17 Nollaig 2022, ó 10:30 a.m. ar aghaidh. Tá sonraí faoi dheiseanna do na meáin ar an lá leagtha amach thíos mar aon le tuilleadh eolais faoi shuí Dháil Éireann.

Deiseanna do na Meáin, Dé Satharn, an 17 Nollaig, Teach Laighean.

9:30 a.m.  - Ní bheidh rochtain ag na meáin ar an bPlionta ach ar feadh uair an chloig sula suífidh an Teach ar 10:30 a.m., faoi réir creidiúnú roimh ré ag Oifig Preasa Thithe an Oireachtais.

1pm (nó mar sin) - Deis grianghraf nuair a imeoidh an Taoiseach tofa go hÁras an Uachtaráin ó gheata Shráid Chill Dara.

 

Beidh Ainmniúchán an Taoisigh ar siúl i seomra na Dála ó 10:30 a.m., ar aghaidh agus craolfar beo é ar chainéil shóisialta an Oireachtais agus ar Oireachtas TV, atá ar fáil ar:

• Saorview Channel 22

• Virgin Media Channel 207

• Sky Channel 514

• Eir Vision Channel 504

• Vodafone Channels 201, 207 (Dáil Éireann)

 

Faisnéise mhionsonraithe bhreise faoin Lá Suí

Faoi réir an riachtanais a eascraíonn de bhun Airteagal 28.9.1 de Bhunreacht na hÉireann, is mar a seo a leanas a bheidh ord na n-óráidí agus na socruithe i leith Taoiseach a ainmniú lena cheapadh nó lena ceapadh ag an Uachtarán de bhun Bhuan-Ordú 34A(2)(b):

- óráidí mholtóir an Rialtais agus tacadóir - 5 nóiméad an ceann; agus

- óráidí ó ionadaithe ó pháirtithe eile den Rialtas, Sinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre, na Daonlathaithe Sóisialta, Pobal roimh Bhrabús-Dlúthpháirtíocht, an Grúpa Réigiúnach, an Grúpa Neamhspleách Tuaithe agus an Grúpa Neamhspleách - 10 nóiméad in aghaidh an pháirtí nó an ghrúpa; agus

- féadfaidh comhaltaí am a roinnt;

(III) faoi réir an riachtanais a eascraíonn de bhun Airteagal 28.11.1 den Bhunreacht, is mar a leanas a bheidh ord na n-óráidí agus na socruithe i leith Tairiscint lena ceadú ag Dáil Éireann maidir leis an Taoiseach d’ainmniú comhaltaí eile den Rialtas lena gceapadh ag an Uachtarán de bhun Bhuan-Ordú 34A(2)(c):

- óráid ón Taoiseach - 10 nóiméad; agus

- óráidí ó ionadaithe ó pháirtithe eile an Rialtais, Sinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre, na Daonlathaithe Sóisialta, Pobal-roimh Bhrabús-Dlúthpháirtíocht, an Grúpa Réigiúnach, an Grúpa Neamhspleách Tuaithe agus an Grúpa Neamhspleách - 10 nóiméad in aghaidh an pháirtí nó an ghrúpa; agus

- féadfaidh comhaltaí am a roinnt

• Ar Thaoiseach a ainmniú ag an Dáil lena cheapadh ag an Uachtarán, beidh an Dáil, mura n-ordóidh sí a mhalairt, ar fionraí ar feadh ceithre huaire an chloig go dtí 5 p.m., nó ceithre huaire an chloig tar éis ainmniúchán Taoisigh a thabhairt chun críche, cibé acu is déanaí.

Ní mór do na meáin neamh-chreidiúnaithe a bheith creidiúnaithe chun freastal ar an bPlionta.

Chun láithreachas a dheimhniú nó chun creidiúnú a shocrú, cuir ríomhphost, le do thoil, chuig stephen.higgins@oireachtas.ie roimh 10. a.m., Dé hAoine, an 16 Nollaig.

Craolfar an ócáid beo ar Oireachtas TV.

Eiseoidh Maxwells Photography grianghraif den ócáid.

Fiosrúcháin ó na meáin

Stephen Higgins

Tithe an Oireachtais,

Oifigeach Cumarsáide,

Teach Laighean, 

Baile Átha Cliath 2

+353 (0) 1 618 4743

+353 (0) 85 801 3096

stephen.higgins@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn