23 Feabh 2023, 12:00
Tá taispeántas de ghrianghraif ón gCogadh san Úcráin dar teideal “Буча. Aghaidheanna an Chogaidh” seolta inniu, Déardaoin, an 23 Feabhra ag an gCeann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl TD.
Tá 27 íomhá, íomhánna glinne san áireamh, sa taispeántas, agus léiríonn siad na hainghníomhartha atá déanta ar mhuintir na hÚcráine.
Seoladh an taispeántas i dTeach Laighean 2000, agus bhí an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl; Cathaoirleach Sheanad Éireann, an Seanadóir Diarmuid Ó Buitiméir; Ambasadóir na hÚcráine; aíonna ó Ambasáid na hÚcráine; Teachtaí Dála agus Seanadóirí; agus comhaltaí den Chór Taidhleoireachta i láthair.
Thaisteal an Ceann Comhairle agus iarChathaoirleach Sheanad Éireann, an Seanadóir Marcas Ó Dálaigh, chun na hÚcráine in Aibreán 2022 ar chuireadh a fháil ó chathaoirleach Pharlaimint na hÚcráine, a Shoilse Руслан Стефанчук (Ruslan Steifeaintioc).
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an Ceann Comhairle: “Chonaiceamar féin an danarthacht a bhí á déanamh ag Cónaidhm na Rúise ar an Úcráin, tír dhaonlathach Eorpach, ár ndála féin.”
“Nuair a thugamar cuairt ar chathair Буча (Búitsea) i dteannta an Spéicéara Стефанчук chun an scrios agus an bás a d’fhág fórsaí na Rúise ina ndiaidh a fheiceáil, d’fhiafraigh sé dínn an mbeimis sásta an taispeántas a chur i láthair san Oireachtas.
Tá na grianghraif an-soiléir. Tá cogadh uafásach Phútín fós ar siúl, agus léiríonn na grianghraif seo gurb intuigthe an déistin atá ar dhaoine i ngach tír dhaonlathach ar domhan.”
Nótaí don Eagarthóir
(Tabhair do d’aire go bhfuil íomhánna glinne foréigin, díobhála agus báis i measc na ngrianghraf agus go mb’fhéidir nárbh oiriúnach iad do gach duine.)
Ar an 31 Márta 2022, scaoileadh saor ó fhorghabhálaithe na Rúise cathair Bhúitsea i réigiún Chív san Úcráin. Ar feadh 28 lá, bhí daoine gan leictreachas, uisce, teas ná cumarsáid agus iad ag cócaireacht ar chonnadh ina gclóis. Lámhach na Rúisigh sibhialtaigh as iarracht a dhéanamh dul amach ag cuardach bia.
D’fhonn daoine a adhlacadh, mar a rinneadh sa Mheánaois, baineadh olluaigh i mBúitsea, cóngarach do Shéipéal San Aindrias. Tar éis an tsaortha, dí-adhlacadh 116 chorp aisti. Ina theannta sin, is caite ar shráideanna Bhúitsea a bhí na daoine a lámhachadh. Piocadh suas níos mó ná 40 corp de Shráid Iablúnsca.
Is léiriú ar an tráth sin na grianghraif seo. Is iriseoirí ó Reuters a rinne iad idir an 2 Aibreán agus an 6 Aibreán 2022, díreach tar éis shaoradh na cathrach. Ina dhiaidh sin, thug an ghníomhaireacht an ceart chun na grianghraif a chur ar taispeáint do Chomhairle Cathrach Bhúitsea, agus chuaigh an chomhairle sin ar ais i mbun oibre tar éis na forghabhála.
Craolfar an scannán "Mairiúpol. Neivtreaitseine naidia" (“Mairiúpol. Dóchas nár cailleadh”, le fotheidil Bhéarla) sa Seomra Closamhairc i dTeach Laighean ó 1-2 pm gach lá suí go ceann dhá sheachtain tar éis sheoladh an taispeántais.
Fiosrúcháin ó na meáin
Áine McMahon
Tithe an Oireachtais
Oifigeach Cumarsáide
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 8707436
Twitter: @OireachtasNews