Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Déagóirí ag labhairt os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeltachta

7 Márta 2023, 14:16

Amárach, Dé Céadaoin, an 8 Márta 2023, éistfidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le daltaí ó na ceithre mheánscoil seo a leanas: Coláiste Oiriall, Muineacháin; Gaelcholáiste Luimnigh, Luimneach; Gaelcholáiste na Mara, Co. Chill Mhantáin; agus Scoil Ghramadach Naomh Iósaef, Co. Thír Eoghain.

Tosóidh an cruinniú ar 14.30 i Seomra Coiste 4, TL 2000, Teach Laighean. Labhróidh na daltaí ar na hábhair: An Córas Sláinte – An Gá Éigeandáil Náisiúnta a fhógairt?; Neodracht na hÉireann – Fírinne nó cur i gcéill; agus Athrú Aeráide – an bhfuilimid ró-leithleach chun é a chur i gcrích?

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Is deis iontach é seo, cruinniú a eagraíonn an Comhchoiste gach Seachtain na Gaeilge, chun deis a thabhairt do dhéagóirí ó gach ceart den tír labhairt os comhair Comhchoiste de chuid Thithe an Oireachtais agus a dtuairimí faoi ábhair ar leith a léiriú dúinn agus don phobal i gcoitinne.”

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn