Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dealbh bhrád de John Hume nochta ag an gCeann Comhairle mar chomóradh 25 bliana ar bhronnadh Dhuais Nobel na Síochána ar John Hume agus David Trimble

29 Márta 2023, 19:30

Tráthnóna inniu, nocht an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl TD, dealbh bhrád de John Hume, nach maireann, in TL2000, Teach Laighean, mar chomóradh ar bhronnadh Dhuais Nobel na Síochána ar John Hume agus David Trimble i gcomhpháirt as na hiarrachtaí a rinne siad chun teacht ar réiteach síochánta ar an gcoinbhleacht i dTuaisceart Éireann.

Tá Tithe an Oireachtais ag comóradh 25 bliana ó bronnadh an duais sin trí roinnt saothair ealaíne chomórtha a nochtadh.  Is i gcomhthráth le comóradh 25 bliana Chomhaontú Aoine an Chéasta a nochtadh an dealbh bhrád de John Hume inniu.  Nochtfar dealbh bhrád den Tiarna Trimble, nach maireann, i mí na Nollag i gcomhthráth le comóradh 25 bliana bhronnadh Dhuais Nobel na Síochána orthu.

Bhí John Óg Hume, mac le John Hume, agus an Bhantiarna Daphne, bean chéile an Tiarna Trimble, i láthair ag an nochtadh, agus labhair an bheirt acu ar feadh tamall gairid ag an ócáid. 

Dúirt an Ceann Comhairle: “Beidh an dealbh bhrád chré-umha de John Hume a nochtfaimid anocht suite, anseo i dTithe an Oireachtais, in aice dealbh bhrád den Tiarna Trimble atá á fáil ag Oifig na nOibreacha Poiblí agus a nochtfar anseo níos déanaí sa bhliain.  Cé nár chomhalta den Dáil ná den Seanad ceachtar den bheirt, bhí cion ag muintir Theach Laighean anseo orthu agus thacaigh siad lena gcuid oibre síochána, agus táimid féin, agus tá muintir na hÉireann, faoi chomaoin acu.

“Is cuí ag an bpointe seo, ar ndóigh, aitheantas a thabhairt do gach aon duine a rinne iarracht síocháin a bhaint amach ar ár n-oileán; ceannairí polaitíochta cróga, gníomhaithe agus grúpaí pobail, agus na comhpháirtithe éagsúla in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe, san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe.”

Ag labhairt dó in ómós do John Hume, dúirt an Ceann Comhairle: “Is é an fáth ar éirigh leis an bpróiseas síochána gur bunaíodh comhpháirtíochtaí agus caidreamh dearfach i measc daoine a raibh dearcthaí agus traidisiúin éagsúla acu.  Mar a dúirt John Hume é féin: ‘Is ansin atá ceann de bhunphrionsabail na síochána: meas ar an éagsúlacht’.

“Bhí fís shoiléir ag John Hume den chaoi a bhféadfaí an tsíocháin a bhaint amach: neamhfhoréigean, meas ar an éagsúlacht, agus comhionannas agus cosaint na mbuncheart.  Chaith sé a shaol polaitíochta ag cur ina luí ar dhaoine eile gur chuí a fhís-sean a leanúint.  Dá bharr sin, d’athraigh sé an bhéim i gcúrsaí polaitíochta sa dá chuid d’Éirinn, sa chaidreamh Angla-Éireannach agus sa chaidreamh idir SAM agus Éire.

“Ach ní hamháin go raibh fís ag John Hume.  Deirtear nach ndéanfaidh smaoineamh an treabhadh duit. Ceannaire dícheallach ab ea John Hume i gcúrsaí pobail agus i gcúrsaí polaitíochta; fearr cróga diongbháilte.  Bhí sé lárnach i saol polaitíochta na hÉireann ó na 1960í go dtí gur cailleadh é in 2020.  Choinnigh sé leis i gcónaí, é buanseasmhach, agus bhí sé sin chomh tábhachtach céanna leis an bhfís a bhí aige don tsíocháin.”

Ghabh an Ceann Comhairle buíochas le John Óg Hume agus le daoine eile de mhuintir Hume, agus leis an mBantiarna Daphne Trimble agus le Vicki, iníon léi, as freastal ar an ócáid chomórtha.

CRÍOCH

Nótaí do na hEagarthóirí:

Is í an dealbhóir Elizabeth O’Kane a chruthaigh an dealbh bhrád de John Hume.  Rugadh í i dTuaisceart Éireann agus tá cónaí anois uirthi i mBaile Átha Cliath, agus tá sí ar dhuine de na dealbhóirí fíorach is fearr in Éirinn.  Is ar an bportráidíocht, ar dhreacha agus ar ghluaiseacht a dhíríonn sí ina cuid saothar.  Tá Parlaimint na hEorpa; ambasáidí na hÉireann in Washington DC agus i Londain; an Roinn Gnóthaí Eachtracha; Oifig na nOibreacha Poiblí; agus Halla Cathrach Bhéal Feirste i measc na n-áiteanna a bhfuil saothair dá cuid le feiceáil iontu.

Faoi mar a mhol clann Hume, léiríonn an dealbh bhrád a n-athair agus é isteach sna 40í, nuair a céadtoghadh é chun Parlaimint na hEorpa, agus ag caitheamh bhiorán an Officier de Légion d’Honneur.

Cuireadh portráidí de John Hume agus de David Trimble ar taispeáint don ócáid seo.  Is ar iasacht ó mhuintir Crilly a fuarthas an phortráid de John Hume, portráid a phéinteáil Edward McGuire, ealaíontóir.  Is ar iasacht ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, a fuarthas an phortráid de David Trimble, cóip atá sínithe ag an ealaíontóir, Colin Davidson.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn