Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tithe an Oireachtais chun comóradh a dhéanamh ar chothrom 25 bliana Chomhaontú Aoine an Chéasta le taispeántas ar Bhanlaochra Síochána Herstory chun mhná síochána Thuaisceart Éireann a urramú

31 Márta 2023, 13:01

Mar chuid leanúnach de Thithe an Oireachtais do chomóradh 25 bliana Chomhaontú Aoine an Chéasta (Bhéal Feirste) a síníodh an 10 Aibreán 1998, cuireann an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl TD agus Cathaoirleach Sheanad Éireann, Diarmuid Ó Buitiméir fáilte roimh thaispeántas Bhanlaochra Síochána Herstory go dtí Teach Laighean.

Is éard é an taispeántas 14 phainéal dhéthaobhacha i dteannta 9 bportráid arna gcoimisiniú agus arna gcoimeád ag HerStory, lena ndéantar comóradh ar an ról a bhí ag mná maidir le síocháin a chur ar bun i  dTuaisceart Éireann ó leibhéal an duine aonair aníos go dtí leibhéil rialtais.

Scéal 30 ban atá ann, lena n-áirítear Bridget Bond, Monica Patterson, Ruth Agnew, Bernadette Devlin McAliskey, Inez McCormack, an Dr Mo Mowlam, agus mná eile.

Beidh na painéil ar taispeáint i gcaifélann LH2000 agus beidh an taispeántas ar siúl ó Déardaoin an 30 Márta go dtí an 14 Aibreán 2023.

Mar chroílár an taispeántais, tá naoi bportráid mhóra leis an ealaíontóir amhairc FRIZ, de Pat Hume, Bronagh Hinds, Eileen Weir, Susan McCrory, Saidie Patterson, Monica McWilliams, Pearl Sagar, Anne Carr agus Baroness May Blood.

Ag labhairt dó faoin taispeántas, dúirt an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl “Is mór agam fáilte a chur roimh an taispeántas seo chuig Teach Laighean. Léiríonn sé an ról ríthábhachtach a bhí ag mná i bpróiseas síochána Thuaisceart Éireann, agus cuireann sé i gcuimhne dúinn go gcaithfear, le hobair tógála síochána, an pobal uile a léiriú, agus ionadaíocht a dhéanamh dó, chun go seachadfar síocháin mharthanach dhearfach.”

Dúirt Cathaoirleach Sheanad Éireann, Diarmuid Ó Buitiméir “Insítear le taispeántas na mBanlaochra Síochána scéal na mban cróga a ghlac lena n-uilechuimsitheacht agus a tháinig ar chomh-intinn chun oibriú i bpáirt a chéile ar son na síochána. Bhunaigh ag na mná seo caidreamh a sháraigh traidisiúin chreidimh, pholaitiúla agus chultúrtha chun idirphlé agus athmhuintearas trasphobail a éascú. Is cuí go mbeidís ar an ardán anseo i dTeach Laighean.

Fiosrúcháin ó na meáin

Stephen Higgins

Tithe an Oireachtais,

Oifigeach Cumarsáide,

Teach Laighean, 

Baile Átha Cliath 2

+353 (0) 1 618 4743

+353 (0) 85 801 3096

stephen.higgins@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn