Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Uachtarán na Stát Aontaithe, Joseph R Biden Jr, chun aitheasc a thabhairt do chomhshuí de Thithe an Oireachtais

5 Aib 2023, 18:51

Ar chuireadh ó Cheann Comhairle Dháil Éireann, Seán Ó Fearghaíl TD, agus ó Chathaoirleach Sheanad Éireann, an Seanadóir Jerry Buttimer, tabharfaidh Uachtarán na Stát Aontaithe, Joseph R Biden Jr, aitheasc do chomhshuí de Thithe an Oireachtais Déardaoin, an 13 Aibreán, mar chuid dá chuairt ar Éirinn.  

De bharr na nasc doimhne stairiúla idir Éire agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, tá an Ceann Comhairle agus an Cathaoirleach araon ag súil go mór le fáilte a chur roimh an Uachtarán go Teach Laighean.

Beidh an tUachtarán Biden ar an gceathrú hUachtarán ar na Stáit Aontaithe a mbeidh aitheasc tugtha aige don Oireachtas, tar éis an Uachtaráin John F Kennedy an 28 Meitheamh 1963, an Uachtaráin Ronald Reagan an 4 Meitheamh 1984 agus an Uachtaráin Bill Clinton an 1 Nollaig 1995.

Déanfar an t-aitheasc, a thabharfar i Seomra na Dála, Déardaoin, an 13 Aibreán, a chraoladh beo ar chainéil shóisialta an Oireachtais agus ar Oireachtas TV.

Eiseofar a thuilleadh sonraí faoin Aitheasc in am trátha.

Fiosrúcháin ó na meáin

Stephen Higgins

Tithe an Oireachtais,

Oifigeach Cumarsáide,

Teach Laighean, 

Baile Átha Cliath 2

+353 (0) 1 618 4743

+353 (0) 85 801 3096

stephen.higgins@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn