6 Aib 2023, 12:15
Inniu, d’fhógair Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go raibh sé chun síneadh ama a thabhairt do dhaoine aighneachtaí scríofa a chur faoina bhráid ar Cheannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (leasú) 2022.
Is é an 2 Bealtaine 2023 an spriocdháta a bheidh ag rannpháirtithe anois a gcuid tuairimí a thabhairt ar ábhar na gceannteideal sin.
Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Is tráthúil an deis í seo do mhuintir na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge a gcuid tuairimí ar ábhar an Bhille a chur in iúl don Chomhchoiste agus é i mbun imscrúduithe réamhreachtaigh air.
“Theastaigh uainn é a chur i gcuimhne do chách toisc gur mór againn a gcuid tuairimí – i bhfoirm aighneachtaí scríofa – a fháil air seo sula dtabharfaidh an Comhchoiste faoi chruinnithe poiblí ar ghrinnscrúdú réamhreachtach an Bhille seo. Is chuige sin a bheartaíomar síneadh ama go tús mhí na Bealtaine a thabhairt do dhaoine aighneachtaí scríofa a chur i dtoll a chéile.
“Tá sé i gceist ag an gComhchoiste ceithre chruinniú a reáchtáil ar an gceist seo i gcaitheamh mhí na Bealtaine agus ba mhaith liomsa agus Comhaltaí an Chomhchoiste a chinntiú go mbeidh deis ag gach duine a gcuid tuairimí a nochtadh ar an mbille seo.”
Mar eolas, is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an nglaoch seo le haghaidh aighneachtaí ar shuíomh gréasáin Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.
Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.
Fiosrúcháin ó na meáin
Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews
Comhaltas coiste
Teachtaí