26 Aib 2023, 10:44
Tiocfaidh an Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid le chéile amárach, Dé Céadaoin, an 26 Aibreán le haghaidh plé ar Uasdátú i dtaobh an Chláir Cobhsaíochta a foilsíodh an tseachtain seo caite ar 5:30pm i Seomra Coiste 2 de Theach Laighean.
Le linn an chruinnithe, cloisfear uathu seo a leanas:
- An tAire Airgeadais, an tUasal Micheál Mac Craith, TD
- An tAire Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe, Pascal Ó Donnchú, TD.
Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 2 beo ar Oireachtas TV.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Stephen Higgins
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 (0) 1 618 4743
+353 (0) 85 801 3096
Twitter: @OireachtasNews