Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhghairdeas ó chroí curtha le Rí Séarlas III ón gCeann Comhairle agus ón gCathaoirleach ar a Chorónú

6 Beal 2023, 13:00

Déanann Ceann Comhairle Dháil Éireann, Seán Ó Fearghaíl TD, agus Cathaoirleach Sheanad Éireann, an Seanadóir Diarmuid Ó Buitiméir, an comhghairdeas is croíúla lena Mhórgacht Rí Séarlas ar a Chorónú agus tá siad ag tnúth le cairdeas leanúnach idir an dá thír agus idir muintir na hÉireann agus na Breataine.

Dúirt an Ceann Comhairle agus an Cathaoirleach: “Thar ceann Thithe an Oireachtais, déanaimid comhghairdeas le Rí Séarlas agus le Banríon Camilla an lá sona dea-thuair seo, agus guímid gach rath ar a mbeidh á dhéanamh acu ar son mhuintir na Breataine.

“Mar a d’aithin Banríon Eilís, nach maireann, le linn na cuairte sainchomhartha a thug sí ar Éirinn in 2011, is fada casta an stair idir an dá thír seo, ach is dlúthchairde an dá thír mar sin féin, mar gheall ar na naisc mhuinteartha, chultúrtha agus eacnamaíochta lena gceanglaítear muintir na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe.

“Dála a thuismitheoirí, nach maireann, tá obair déanta ag Rí Séarlas le blianta fada anuas ar mhaithe leis an tsíocháin agus an athmhuintearas a thógáil agus a chothú idir na comhphobail i dTuaisceart Éireann, sa tír seo ar fad, agus idir muintir na hÉireann agus na Breataine freisin.

“I rith a réimis fhada, ba léiriú cruthanta ar an tseirbhís phoiblí í a mháthair nach maireann, agus í tiomanta dá dualgais a chomhlíonadh ar mhaithe lena ngéillsineach sa bhaile, agus d’ionadaíocht a dhéanamh dá náisiún thar lear. Táimid cinnte go leanfaidh Rí Séarlas leis an traidisiún sin agus go leagfaidh sé síos idirchaidrimh agus oidhreacht dó féin mar mhonarc dá réir."

 

Tithe an Oireachtais
An tAonad Cumarsáide
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Fiosrúcháin ó na meáin

Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn