Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Ceann Comhairle chun Nuair a dúirt an t-oileán ‘Tá,’ – plé painéil faoi Reifrinn Chomhaontuithe Aoine an Chéasta in 1998 a óstáil

23 Beal 2023, 00:01

Tráthnóna inniu, déanfaidh an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl TD Nuair a dúirt an t-oileán ‘Tá’ – plé painéil faoi Reifrinn Chomhaontuithe Aoine an Chéasta a seoladh go comhuaineach i dTuaisceart Éireann agus i bPoblacht na hÉireann an 22 Bealtaine 1998 a óstáil.

Beidh ar áireamh sa phlé painéil, a mbeidh an t-iriseoir agus craoltóir Sean O’Rourke ina mhodhnóir air, pearsana ríthábhachtacha a raibh baint mhór acu le síocháin a sheachadadh ar an oileán seo againn.

Beidh na daoine seo a leanas páirteach sa phlé painéil:

  • Parthalán Ó hEachthairn, Taoiseach, 1997-2008
  • Gearóid Mac Ádhaimh, Uachtarán Shinn Féin, 1983-2018;
  • Bríd Nic Ruairí, ceannaire fhoireann SDLP i gcaibidlí Chomhaontú Aoine an Chéasta;
  • David Kerr, iar-Stiúrthoir Cumarsáide, Páirtí Aontachtach Uladh, 1996-1998;
  • Monica McWilliams, comhbunaitheoir Cónaidhm Ban Thuaisceart Éireann;
  • Eilís Ní Dhomhnaill, Aire Stáit ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha, 1997-2002;
  • An tUrr. Harold Good, Ministir Modhnach agus finné neamhspleách ar dhíchoimisiniú arm;
  • Deric Henderson, iriseoir agus iar-Eagarthóir Éireann, an Comhlachas Preasa.

Sa lucht féachana, beidh Comhaltaí reatha agus iar-Chomhaltaí an Oireachtais, Chomhthionól Thuaisceart Éireann agus Feisirí Parlaiminte Thuaisceart Éireann, comhaltaí den tsochaí shibhialta agus iriseoirí a thuairiscigh ar chainteanna agus reifrinn Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Dúirt an Ceann Comhairle: “Ba chuid rí-thábhachtach de Chomhaontú Aoine an Chéasta gur i lámha phobal an oileáin a bhí todhchaí an oileáin seo again. An lá cinniúnach sin i mBealtaine 1998, vótáil na daoine go láidir Tá ar son an chomhaontaithe síochána i reifrinn chomhuaineacha.

“Dúirt pobal an oileáin seo ‘tá’ le caidrimh nua, is láidre a thógáil laistigh de Thuaisceart Éireann, ar oileán na hÉireann agus idir Éire agus an Bhreatain. Agus dúirt said ‘tá,’ le todhchaí síochánta rathúil dúinn go léir.

“Mar Cheann Comhairle, is mór agam an plé painéil seo Nuair a dúirt an t-oileán ‘Tá’ a óstáil i dteanna aíonna oiririce chun an cothrom rí-shuntasach seo a chomóradh.”

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn