23 Beal 2023, 13:18
Cuirfidh Cathaoirleach Sheanad Éireann, an Seanadóir Diarmuid Ó Buitiméir, fáilte inniu roimh an Iar-Thaoiseach Parthalán Ó hEachthairn, a thabharfaidh aitheasc don Seanad cothrom 25 bliana Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Ag labhairt dó roimh an aitheasc ar 3 p.m., dúirt an Cathaoirleach, an Seanadóir Ó Buitiméir: “Ba é an lá inné 25 bliana ó shin a seoladh na reifrinn stairiúla ar an oileán seo, nuair a vótáil formhór mór na ndaoine, ar an taobh ó Thuaidh agus an taobh ó Dheas den teorainn, ar son Chomhaontú Aoine an Chéasta. Léiríodh leis sin, mar gheall ar an tacaíocht dhaonlathach an-láidir a tugadh don Chomhaontú, nach nglacfadh daoine ó thuaidh ná ó dheas, beag beann ar chreideamh ná ar chúlra, leis an bhforéigean a bhí ann go dtí sin.
Is cuí go bhfuil an Teach seo ag déanamh comóradh inniu ar an tacaíocht dhaonlathach an-láidir a thug muintir na hÉireann do Chomhaontú Aoine an Chéasta sa dá reifreann sin, arb í an chéad uair ó 1918 a vótáil an t-oileán ar fad le chéile í. Mar gheall ar an tacaíocht dhaonlathach an-láidir a tugadh don Chomhaontú, cuireadh tús le ré nua agus deireadh le tríocha bliain den choinbhleacht.
Níorbh fhéidir talamh slán a dhéanamh den toradh a bheadh ar an bpróiseas agus bhí gá le ceannaireacht láidir ón Uasal Ó hEachthairn, chomh maith le pearsana lárnacha eile sna páirtithe ar fad chun an tsíocháin a theastódh go gear ó mhuintir na hÉireann, ó thuaidh agus ó dheas, a bhaint amach. Bhí an cheannaireacht a thug an tUasal Ó hEachthairn láidir, gan iallach a chur ar dhuine, ná aon ní a bhrú ar éinne, ach ó thaobh comhréitigh, cruthaitheachta agus crógachta de. Mar Chathaoirleach, táim ag tnúth le fáilte a chur roimh an Iar-Thaoiseach Parthalán Ó hEachthairn agus leis an aitheasc a thabharfaidh sé do Sheanad Éireann faoi chloch mhíle seo na síochána arb éard í Comhaontú Aoine an Chéasta.“
Déanfar an t-aitheasc seo do Sheanad Éireann a chraoladh beo ar Oireachtas TV.
Fiosrúcháin ó na meáin
Stephen Higgins
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 (0) 1 618 4743
+353 (0) 85 801 3096
Twitter: @OireachtasNews