Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Uachtarán Theach Ionadaithe Phoblacht na Cipire, A hOirirceas Annita Demetriou, chun Seanad Éireann a aitheasc

12 Meith 2023, 16:20

Tabharfaidh Uachtarán Theach Ionadaithe Phoblacht na Cipire, A hOirirceas Annita Demetriou, aitheasc do Sheanad Éireann ar 4 a chlog amárach, Dé Máirt, an 13 Meitheamh.

Dúirt an Cathaoirleach, an Seanadóir Diarmuid Ó Buitiméir: “Is onóir é fáilte a chur roimh Uachtarán Theach Ionadaithe, an tUasal Demetriou, chuig Tithe an Oireachtais agus chun an Seanad a aitheasc le linn a cuairte ar Éirinn.

“Tá caidreamh déthaobhach seanbhunaithe den chéad scoth idir Éire agus an Chipir, is caidreamh a théann ó neart go neart trínár gcomhaltas den Aontas Eorpach. Cé – nó toisc – gur dhá oileán ar inneall na hEorpa sinn, tá an-chuid de na luachanna céanna againn agus tá dea-chomhpháirtíocht eadrainn maidir le réimse leathan saincheisteanna.

“I rith chaibidlí Brexit, thugadh an Chipir tacaíocht leanúnach do sheasamh na hÉireann maidir leis na gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. Ba mhór againn go háirithe an dlúthpháirtíocht sin leis an Aontas Eorpach de bhrí stair na Cipire leis an Ríocht Aontaithe agus de bhrí naisc leanúnacha i measc daoine.

“Toghadh Uachtarán an Tí, an tUasal Demetriou, chun na parlaiminte in 2016, toghadh í mar an Spéicéar ab óige riamh agus mar an gcéad Spéicéar mná riamh sa Chipir in 2021. Labhraíonn sí go láidir ar son chearta na mban agus ar son an chomhionannais, cuireann sí cearta an duine, caomhnú an chomhshaoil agus láidriú na taidhleoireachta parlaimintí chun cinn.”

Osclóidh an Cathaoirleach an seisiún le hóráid fháilteach, agus tabharfaidh an tUas. Demetriou a haitheasc tar éis sin. Ansin, tabharfaidh urlabhraí ó gach grúpa óráid, agus tabharfaidh an Leas-Chathaoirleach, Marcas Ó Dálaigh, óráid bhuíochais tar éis sin.

Féadfar an t-aitheasc do Sheanad Éireann a fheiceáil go beo ar Oireachtas TV.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an tSeanaid a fheiceáil ar fheidhmchlár fóin chliste Thithe an Oireachtais, a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn