Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Déanann Cathaoirleach Sheanad Éireann, an Seanadóir Diarmuid Ó Buitiméir, bricfeasta a óstáil chun comóradh a dhéanamh ar 60 bliain ó aitheasc an Uachtaráin John F. Kennedy do Thithe an Oireachtais

27 Meith 2023, 16:57

Ar chomóradh 60 bliain ó aitheasc an Uachtaráin John F. Kennedy do Thithe an Oireachtais, beidh Cathaoirleach Sheanad Éireann, an Seanadóir Diarmuid Ó Buitiméir ina óstach ar bhricfeasta i dTeach Laighean. 

Is deis atá san ócáid seo chun comóradh a dhéanamh ní hamháin ar aitheasc stairiúil an Uachtaráin John F. Kennedy ar an 28ú  Meitheamh 1963 ach is deis atá ann, chomh maith, ceiliúradh a dhéanamh ar láidreacht bhuanseasamhach na nasc idir Éire agus Stáit Aontaithe Mheiriceá. 

I measc na n-aíonna ar tugadh cuireadh dóibh tá Clare Cronin, Ambasadóir Stáit Aontaithe Mheiriceá go hÉirinn, Stephen Kennedy Smith, duine de mhuintir Kennedy, comhalta boird de chuid Leabharlann Uachtaráin John F. Kennedy agus Stewart McLaurin, Uachtarán Chumann Stairiúil an Tí Bháin le Ceannairí Grúpa Sheanad Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Comhaltaí de Ghrúpa Cairdis Pharlaimintigh na hÉireann-SAM.

Ag labhairt dó ag an mbricfeasta, dúirt an Cathaoirleach Diarmuid Ó Buitiméir: “60 bliain ó shin, ba é an tUachtarán Kennedy an chéad cheannaire eachtrach a thug aitheasc do Thithe an Oireachtais. Níorbh é sin an t-aon uair amháin a bhain sé rud amach den chéad uair ar ndóigh. Ba é an t-uachtarán b’óige é a toghadh i stair na Stát Aontaithe, agus bhí spiorad úd Mheiriceá ann dá réir, deiseanna a bheith ann do chách.

Ina óráid, leag sé béim ar stair chomhroinnte na hÉireann agus na Stát Aontaithe agus labhair sé ar an tábhacht a bhaineann leis an gcaidreamh sin a neartú agus a chothú. Tá an-áthas orm go bhfuilimid ag breathnú siar seasca bliain i ndiaidh an aithisc sin agus gur féidir linn tuairisciú go dearfach ar an dul chun cinn sa réimse sin.”

Seolfaidh Maxwells pictiúir den ócáid chuig deasca nuachta. Beidh grianghraif ar fáil freisin ar chuntas Flickr an Oireachtais.

Fiosrúcháin ó na meáin

Stephen Higgins

Tithe an Oireachtais,

Oifigeach Cumarsáide,

Teach Laighean, 

Baile Átha Cliath 2

+353 (0) 1 618 4743

+353 (0) 85 801 3096

stephen.higgins@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn