Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Tuarascáil Bhliantúil, 2022 foilsithe ag Coimisiún Thithe an Oireachtais

29 Meith 2023, 12:00

Tá an Tuarascáil Bhliantúil, 2022 foilsithe ag Coimisiún Thithe an Oireachtais anois. Tugtar léargas inti ar an obair a rinne an Coimisiún le bliain anuas agus a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige. Mar aon le mionsonraí a thabhairt i dtaobh na gníomhaíochta parlaimintí a rinneadh i gcaitheamh 2022,  tugtar cuntas inti ar an airgead poiblí a caitheadh ar Thithe an Oireachtais a reáchtáil anuraidh.

Léigh an tuarascáil iomlán anseo. 

Léirítear sa tuarascáil go bhfuil seirbhísí parlaiminteacha á seachadadh go héifeachtach éifeachtúil i gcónaí. Tugtar le fios i gcuntais airgeadais iniúchta an Choimisiúin gur bhain costas €141.5m leis na Tithe a reáchtáil sa bhliain 2022. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag cur lena bhfuil bainte amach aige le bliain anuas agus tá sé tiomanta  dá chinntiú go mbainfear úsáid éifeachtach as na hacmhainní atá ar fáil dó le linn dó a chuid oibre reatha a chur i gcrích.

Is é seo an chéad tuarascáil ina ndéantar cur síos ar an dul chun cinn atá déanta maidir le Cur i bhFeidhm an Phlean Straitéisigh, 2022-2024 - Oireachtas a Oibríonn go hÉifeachtach don Phobal, is plean straitéiseach atá beartaithe chun dul i ngleic le dúshláin reatha agus le dúshláin a thiocfaidh chun cinn amach anseo.

 

I láthair na huaire, tá aird ar leith á tabhairt ag an gCoimisiún ar an ngá a chinntiú go bhfuil Comhaltaí uile na dTithe agus a gcomhaltaí foirne slán sábháilte agus iad i mbun a gcuid oibre lasmuigh de Theach Laighean. Le blianta beaga anuas, tá méadú tagtha ar líon na mbagairtí foréigin agus na n-eachtraí eile atá dírithe ar  Chomhaltaí mar gheall ar an bpost atá acu. 

Chun freagairt don mhéid sin, tá scéim bunaithe ag an gCoimisiún chun cabhrú le Comhaltaí bearta slándála breise a chur i bhfeidhm, de réir mar is gá, bunaithe ar mheasúnacht slándála a dhéanfaidh an tOifigeach áitiúil um Chosc ar Choireacht ar a n-oifig toghcheantair agus ar a n-áit chónaithe.

Bunaíodh Tascfhórsa chun dul i ngleic leis an drochúsáid sin freisin, a bhfuil sé de fhreagracht air aghaidh a thabhairt ar an drochúsáid agus ar an gciapadh a bhíonn á bhfulaingt ag daoine sa saol poiblí.

Leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh ag tabhairt tacaíocht don phróiseas sin agus á éascú, agus ba mhian linn aitheantas a thabhairt don mhéid atá déanta ag Cácas Parlaiminte na mBan agus Women for Election chun cur leis an bpróiseas sin.

 

I gcaitheamh na bliana 2022, ghlac an pobal parlaiminteach bearta coisctheacha tábhachtacha ar bhonn leanúnach chun cosc a chur ar scaipeadh Covid-19 i gcoimpléacs Theach Laighean. Chuir sé leis na cleachtais maidir le hobair chumaiscthe ar cuireadh tús leo le linn na paindéime ar mhaithe le héifeachtúlacht na heagraíochta agus dea-bhail an phobail pharlaimintigh.

 

Reáchtáladh neart imeachtaí poiblí le linn 2022. Chuir na himeachtaí sin le rannpháirtíocht an phobail agus d’ardaigh siad feasacht ar obair Thithe an Oireachtais.

 

Rinneadh ócáid thábhachtach eile i stair na dTithe a chomóradh anuraidh: cothrom lae an chéad chruinnithe de Sheanad Éireann a tionóladh i mí na Nollag 2022. Seoladh an clár imeachtaí i mí Feabhra faoin téama Seanad 100 - Glórtha Mionlaigh, Athruithe Móra agus bhí ar áireamh sa chlár sin imeachtaí ar líne, clár faisnéise teilifíse, taispeántais don phobal agus díospóireachtaí a raibh daltaí scoile páirteach iontu.

Déantar cur síos ar roinnt buaicphointí eile thíos:

  • An 6 Aibreán, thug A Shoilse, Volodymyr Zelenskyy, Uachtarán na hÚcráine, aitheasc do chomhshuí de Dháil Éireann agus de Sheanad Éireann trí nasc físeáin ó Chív. Is é an tUachtarán Zelenskyy an séú ceannaire stáit a thug aitheasc do chomhshuí de Thithe an Oireachtais, agus is é an chéad cheannaire é a rinne an méid sin trí nasc físeáin.

 

  • I mí Feabhra, sheol an Cathaoirleach, an Seanadóir Marcus Ó Dálaigh, Seanad 100 - Glórtha Mionlaigh, Athruithe Móra, an clár imeachtaí a bhí beartaithe chun cothrom céad bliain Sheanad Éireann a chomóradh agus a cheiliúradh. Chraol Oireachtas TV clár faisnéise dhá chuid i mí na Nollag ina ndearnadh cur síos ar 100 bliain de Sheanad Éireann.

 

  • I mí na Bealtaine, bhí an Oifig Buiséid Pharlaiminteach (OBP) ina hóstach ar an 14ú Cruinniú Bliantúil de Mheitheal na nOifigeach Buiséid Parlaiminteach agus na n-Institiúidí Fioscacha Neamhspleácha de chuid OECD (an Líonra OBP) i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Bhí thart ar 100 rannpháirtí ó thíortha OECD agus ó thíortha comhpháirtíochta OECD i láthair.

 

  • An 1 Nollaig, thug an tUachtarán Ursula von der Leyen ón gCoimisiún Eorpach aitheasc do chomhshuí Thithe an Oireachtais mar chuid de chuairt a thug sí ar Bhaile Átha Cliath.

 

  • Tionóladh an 61ú Cruinniú Iomlánach de Thionól Parlaiminteach na Breataine-na hÉireann (TPBÉ) in Westminster i mí an Mhárta agus tionóladh an 62ú Cruinniú Iomlánach i gCo. an Chabháin. Bhí plé fiúntach spéisiúil ag an dá chruinniú ar raon leathan ábhar, lena n-áirítear Prótacal Thuaisceart Éireann, saincheisteanna stairiúla, Brexit, an t-ionsaí ar an Úcráin, agus an chaoi inar cuireadh vacsaíní ar fáil don phobal.

 

  • I mí an Mheithimh, sheol an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl, TD, Straitéis na Gaeilge, 2021, Straitéis Ghaeilge Thithe an Oireachtais. Is é cuspóir na Straitéise cur leis an raon tacaí agus acmhainní Gaeilge a chuirtear ar fáil do Chomhaltaí agus d’fhoireann Sheirbhís Thithe an Oireachtais agus eagraíocht dhátheangach fheidhmiúil a fhorbairt.

 

Go luath sa bhliain 2022, bhunaigh an tSeirbhís Coiste Stiúrtha chun athbhreithniú a dhéanamh ar na moltaí a rinneadh sa tuarascáil ón bhFóram maidir le Parlaimint a Thacaíonn le Teaghlaigh agus atá Uilechuimsitheach. Bhunaigh an Ceann Comhairle an Fóram chun moltaí praiticiúla indéanta a dhéanamh a d’fhéadfadh comhdhéanamh, struchtúr, feidhmiú agus modhanna oibre Thithe an Oireachtais a dhéanamh níos uilechuimsithí, níos fearr ó thaobh tacú le teaghlaigh, níos tuisceanaí ar ábhair a bhaineann le hinscne agus níos freagrúla do na riachtanais atá ag fir agus mná de gach aois, agus do na hábhair a bhfuil spéis acu iontu. Tá bearta curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún chun moltaí an Fhóraim a chur chun cinn agus gheobhaidh sé tuarascálacha rialta ar dhul chun cinn na ngníomhartha atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí sin. Déanfar cur síos orthu sa tuarascáil bhliantúil a chuirfear faoi bhráid na dTithe an bhliain seo chugainn.

 

Cé gur bhliain eile í 2022 ina raibh dúshláin le sárú nach raibh a leithéid ann riamh cheana, tá cur síos ar roinnt de na príomhéachtaí a baineadh amach thíos:

 

Shuigh Dáil Éireann 106 lá (1,076 uair an chloig).

 Bhí 36 chruinniú ag Coiste Gnó Dháil Éireann.

 Úsáideadh an suíomh gréasáin nua um Ghnó na Dála chun 135 pháipéar Riar na hOibre laethúla a chur ar fáil i bhformáid PDF, agus 36 pháipéar sheachtainiúla a chur ar fáil i bhformáid PDF, in ionad na bPáipéar Riar na hOibre a chuirtí i gcló ar pháipéar.

Cláraíodh 152 Vótáil i nDáil Éireann.

 Roghnaíodh 385 Shaincheist Thráthúla lena bplé sa Dáil.

Próiseáladh 68,153 Cheist Pharlaiminteacha.

 

Shuigh Seanad Éireann 105 lá (721 uair an chloig).

Cláraíodh 125 Vótáil i Seanad Éireann.

Roghnaíodh 406 Ní i dTosach Suí lena bplé sa Seanad.

Tionscnaíodh 121 Bhille sna Tithe - ba Bhillí Rialtais iad 55% díobh agus ba Bhillí Comhaltaí Príobháideacha iad 45% díobh.

Rith an dá Theach 52 Bhille sa bhliain 2022. Ba Bhillí Rialtais iad go léir.

 

Oifig na nDíospóireachtaí:

 

– foilsíodh 44,502 leathanach den Tuairisc Oifigiúil ar imeachtaí na Dála, an tSeanaid agus na gCoistí Parlaiminteacha,

– trí Imleabhar faoi Chumhdach don Dáil

– ceithre Imleabhar faoi Chumhdach don Seanad.

- bíonn freagraí scríofa ar Cheisteanna Parlaiminteacha (55,688 gceist) nach bpléitear sa Dáil sa Tuairisc Oifigiúil freisin.

 

San iomlán, bhí 1,065 chruinniú (os cionn 1,842 uair an chloig) ag Coistí Parlaiminteacha.

  • D’fhreastail 3,296 fhinné ar chruinnithe Coiste.
  • Tíolacadh 69 dtuarascáil ó Choistí.

 

 

Dúirt an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl, TD agus an Cathaoirleach, an Seanadóir Jerry Buttimer:  "Cuireann Coimisiún Thithe an Oireachtais fáilte roimh an dul chun cinn atá déanta go dtí seo agus táimid ag tnúth go mór le bheith ag cur leis sa chéad chéim eile, nuair a bheidh aird ar leith á tabhairt ar sheirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar agus ar an ngá freastal ar riachtanais agus ar thosaíochtaí na dTithe agus a gComhaltaí, a bhíonn ag síorathrú.”

 

“Cuirfidh an Coimisiún leis an méid a bhain sé amach le bliain anuas, agus tá sé tiomanta dá chinntiú go mbainfear úsáid éifeachtach as na hacmhainní atá ar fáil le linn dó a chuid oibre reatha a chur i gcrích."

 

“I láthair na huaire, tá aird ar leith á tabhairt ag an gCoimisiún ar an ngá a chinntiú go bhfuil Comhaltaí uile na dTithe agus a gcomhaltaí foirne slán sábháilte agus iad i mbun a gcuid oibre lasmuigh de Theach Laighean. Le blianta beaga anuas, tá méadú tagtha ar líon na mbagairtí foréigin agus na n-eachtraí eile atá dírithe ar  Chomhaltaí mar gheall ar an bpost atá acu. Is cúis mhór imní an méid sin. Caithfidh Comhaltaí a bheith slán sábháilte agus a gcuid oibre á déanamh acu, gan aon bhagairtí foréigin nó iompar imeaglaithe, de chineál ar bith, a bheith ag cur isteach orthu, is cuma iad a bheith sa bhaile, ag bualadh le daoine óna dtoghcheantar nó ag glacadh páirt in ócáidí poiblí.”

Fiosrúcháin ó na meáin

Áine McMahon

Tithe an Oireachtais

Oifigeach Cumarsáide

Teach Laighean

Baile Átha Cliath 2

+353 1 618 4149

+353 85 8707436

aine.mcmahon@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn