Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Glaoch ar aighneachtaí maidir le Todhchaí an Daonlathais Áitiúil seolta ag Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid

27 Iúil 2023, 12:30

Tá Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid, faoi cheannas an Leas-Chathaoirligh, an Seanadóir Marcas Ó Dálaigh, ag lorg tuairimí ón bpobal maidir le Todhchaí an Daonlathais Áitiúil roimh na Toghcháin Áitiúla i Meitheamh 2024.

Breathnóidh an Coiste ar Thodhcaí an Daonlathais Áitiúil trí na téamaí seo a leanas:

  • Chompháirtíocht agus rannpháirtíocht an phobail i bpróisis agus feidhmeanna an rialtais áitiúil
  • Cumhachtaí na n-údarás áitiúil, agus
  • An tionchar a bhíonn ag athruithe ar phróiseas an rialtais áitiúil, amhail deireadh a chur le comhairlí baile agus méaraí dírthofa a thabhairt isteach.

Labhair an Seanadóir Ó Dálaigh agus an glaoch ar aighneachtaí á sheoladh: “Is cuid dhílis den saol in Éirinn na húdaráis áitiúla,” a dúirt sé. “Ar an mbonn sin, is mian le Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid tuairimí an phobail a fháil maidir leis an gcomhpháirtíocht agus an rannpháirtíocht leis an rialtas áitiúil, cumhachtaí na n-údarás áitiúil, agus tionchar na n-athruithe a rinneadh ar phróiseas an rialtais áitiúil le gairid, mar aon le tionchar na n-athruithe atá beartaithe.”

Is é a dúirt an Seanadóir Seán Ó Caisealáin, a bheidh mar rapóirtéir ag an gcomhairliúchán: “Anois an t-am chun comhairliúchán poiblí den sórt seo a dhéanamh ar thodhchaí na coda tábhachtaí seo den rialtas. Tá spéis ar leith againn breathnú ar na bealaí a bhféadfaimid comhionannas inscne a bhaint amach sna húdaráis áitiúla, spreagadh a thabhairt d'ionadaithe ó ghrúpaí mionlaigh páirt a ghlacadh sna húdaráis áitiúla, agus a chinntiú gur ag an leibhéal áitiúil a dhéantar cinntí a imríonn tionchar ar dhaoine go háitiúil.”

Breathnóidh an Coiste ar na saincheisteanna seo a leanas:

  • Na dúshláin a bhaineann le hiarrthóirí a fháil do thoghcháin áitiúla;
  • Ionadaíocht ar mhná, ar mhionlaigh agus ar ghrúpaí nua in Éirinn;
  • Cumhachtaí chomhaltaí na n-údarás áitiúil;
  • Tionchar na reachtaíochta agus na ndoiciméad beartais náisiúnta uileghabhálacha ar fheidhmiú na n-údarás áitiúil agus ar ról na gcomhaltaí tofa agus na feidhmeannachta;
  • Comparáidí leis na struchtúir dhaonlathacha áitiúla i dtíortha eile;
  • Breithniú ar an méid ama a bhaineann le ról na gComhairleoirí agus an tionchar a bhíonn aige sin ar ghairmeacha beatha, ar shaol teaghlaigh agus ar an bhfolláine;
  • Conas is féidir leis an rialtas áitiúil ról níos mó a ghlacadh agus tionchar dearfach a imirt ar na dúshláin atá romhainn, mar shampla i réimsí an ghníomhaithe ar son na haeráide, na tithíochta, an bhonneagair, na forbartha réigiúnaí etc.
  • Comhar trasteorann ar leibhéal an rialtais áitiúil ar fud oileán na hÉireann;
  • Tacaíochtaí atá ar fáil do chomhairleoirí;
  • Aghaidh a thabhairt ar na cumhachtaí agus na feidhmeanna idir an fheidhmeannacht agus an chomhairle thofa;
  • Scrúdú a dhéanamh ar thuilleadh cumhachtaí a thabhairt do na húdaráis áitiúla tríd an bpróiseas reachtach chun an rialtas áitiúil a neartú agus a fheabhsú;
  • Scrúdú a dhéanamh ar an oiliúint a sholáthraítear do Chomhaltaí tofa na n-údarás áitiúil chun go mbeidh siad in ann a gcuid dualgas a chomhlíonadh; agus
  • Aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna maidir le híde beil, bagairtí agus ciapadh sa rialtas áitiúil, agus an tábhacht a bhaineann leis an dea-mhéin sa saol poiblí.

Is é a dúirt an Seanadóir Ó Caisealáin freisin: “Is cúis imní ar leith don Choiste freisin an ciapadh ar na meáin shóisialta, agus an méadú atá tagtha ar mhí-úsáid agus ionsaithe orthu siúd a bhfuil baint acu leis an saol poiblí, agus tá sé ag iarraidh tuairimí an phobail a fháil maidir le conas is féidir dul i ngleic leis na saincheisteanna tromchúiseacha sin.”

Is mian le Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid cloisteáil faoi thuairimí/éispéiris na ndaoine seo a leanas:

  • Daoine den phobal agus grúpaí pobail áitiúla;
  • Iad siúd a dhéanann ionadaíocht ar mhionlaigh, ar mhná atá ag rith i dtoghcháin agus ar dhaoine óga, agus a léiríonn éagsúlacht shochaí na hÉireann;
  • Acadóirí agus saineolaithe i réimse an daonlathais áitiúil;
  • Airí agus comhaltaí reatha na n-údarás áitiúil agus airí agus comhaltai roimhe seo;
  • Aontas Rialtas Áitiúil na hÉireann (ARAÉ) agus Cumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil (CCÚÁ) agus a gcomhghleacaithe i dTuaisceart Éireann agus i ndlínsí eile;
  • Ard-Rúnaithe agus Ionadaithe na bPáirtithe Polaitíochta;
  • Na Ranna atá Freagrach
  • Príomhfheidhmeannaigh/Stiúrthóirí Seirbhíse na nÚdarás Áitiúil san am i láthair agus roimhe seo
  • Na daoine a oibríonn sa rialtas áitiúil.

Is é a dúirt an Seanadóir Ó Dálaigh maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin: “Féadfaidh an Coiste cuireadh a thabhairt d’fhinnéithe cur i láthair ó bhéal a dhéanamh do Chomhairliúchán Poiblí an tSeanaid ag éisteachtaí poiblí, agus déanfaidh Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid tuarascáil a dhréachtú agus a fhoilsiú ina ndéanfaidh sé fionnachtana agus moltaí. Nuair a bheidh a thuarascáil foilsithe, cuirfidh an Coiste torthaí i láthair agus iarrfaidh sé díospóireacht leis an Aire nó leis na hAirí iomchuí sa Seanad.”

Is é Dé hAoine an 29 Meán Fómhair 2023 an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí. Tá gach eolas maidir leis an nglaoch ar aighneachtaí agus maidir le conas aighneacht a dhéanamh ar fáil anseo.

Bunaíodh Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid mar chuid de nósanna imeachta nua chun rochtain níos fearr a bheith ar Sheanad Éireann agus ar an obair a dhéanann sé, agus déanann sé scrúdú ar réimsí a bhaineann le cumhachtaí reachtaíochta Sheanad Éireann agus leis an mbeartas poiblí.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn