27 MFómh 2023, 13:35
Buailfidh an Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid inniu, Dé Céadaoin, an 27 Meán Fómhair, i gcomhair Cruinniú Réamh-Bhuiséid leis an Aire Airgeadais, Micheál Mac Craith TD agus leis an Aire Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe, Pascal O Donnchú TD ar 5:30pm. i Seomra Coiste 2 i dTeach Laighean.
Ag caint dó roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste Barra V. Ó Comhain TD “De bhun ár gcruinnithe an tseachtain seo caite leis an mBanc Ceannais agus leis an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta, tabharfaidh an Coiste a aird ar na hAirí a bhfuil freagracht dhíreach acu as an mBuiséad a chur le chéile. Ag ár gcruinniú inniu, beidh deis ag an gCoiste seo ar fhaisnéis bhunúdair a fháil ó na hAirí tar éis a gcruinnithe le ceannairí na bPáirtithe Dé Luain i dtaobh an Bhuiséid. Beimid ag iarraidh faisnéis faoi conas atá an geilleagar ag feidhmiú agus ar pharaiméadair nuashonraithe don Bhuiséad.”
Leanann an Coiste de bheith ag tacú leis an gcothromaíocht a chaithfidh an Rialtas a bhaint amach idir an infheistíocht sna seirbhísí poiblí agus an gá le bonn inmharthana a choinneáil faoin airgeadas poiblí sa chomhshaol boilscithe reatha.
Féadfar féachaint ar an gcruinniú i Seomra Coiste 2 á chraoladh beo ar Oireachtas TV
Léigh a thuilleadh i dtaobh na oibre a dhéanann an Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid
Bíonn imeachtaí an Choiste le feiceáil ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais freisin, a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Stephen Higgins
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 (0) 1 618 4743
+353 (0) 85 801 3096
Twitter: @OireachtasNews