17 DFómh 2023, 17:15
Tiocfaidh an Comhchoiste um Oideachas, Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht le chéile amárach, Dé Céadaoin, an 18 Deireadh Fómhair chun athchromadh ar ghrinnscrúdú réamhreachtach ar Scéim Ghinearálta an Bhille Oideachais (Tacaí do Mharthanóirí Drochúsáide Foras Cónaithe), 2023 ar 5:30pm i Seomra Coiste 4.
Cloisfidh an Coiste ó ionadaithe ón Roinn Oideachais.
Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 2 beo ar Oireachtas TV.
Féadfaidh tú a thuilleadh a léamh faoin obair a dhéanann an Comhchoiste um Oideachas, Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht.
Fiosrúcháin ó na meáin
Stephen Higgins
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 (0) 1 618 4743
+353 (0) 85 801 3096
Twitter: @OireachtasNews