Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Oideachas, Breisoideachas agus Ardoideachas chun teacht le chéile le haghaidh mionteagasc a fháil ó Ranna ar Thuarascáil Feidhmíochta na Seirbhíse Poiblí, 2022

23 DFómh 2023, 14:16

Tiocfaidh an Comhchoiste um Oideachas, Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht le chéile amárach, Dé Máirt an 24 Deireadh Fómhair, le haghaidh mionteagasc a fháil ar Thuarascáil Feidhmíochta na Seirbhíse Poiblí, 2022 ó oifigigh ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus ó oifigigh on Roinn Oideachais ar 11am i Seomra Coiste 2.

Féadfar féachaint ar an gcruinniú á chraoladh beo ar Oireachtas TV

Léigh tuilleadh anseo faoi obair an Chomhchoiste um Oideachas, Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht

 

Fiosrúcháin ó na meáin

Stephen Higgins

Tithe an Oireachtais,

Oifigeach Cumarsáide,

Teach Laighean, 

Baile Átha Cliath 2

+353 (0) 1 618 4743

+353 (0) 85 801 3096

stephen.higgins@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn